Salm 93

93
Tá an Tiarna i Réim
1Tá an Tiarna ina rí is é gléasta le glóir;
chlúdaigh sé é féin le neart;
chrioslaigh sé é féin le cumhacht.
Bhunaigh sé an domhan go dobhogtha.
2Tá do chathaoir arna daingniú ó na cianta;
tá tú ann ón tsíoraíocht, a Thiarna.
3Thóg na tuilte a nglór, a Thiarna;
thóg na tuilte a nglór go torannach;
thógadar a nglór go tolgach tréan.
4Is cumhachtaí ná glór na n‑iluiscí,
ná tonnta na mara móire,
an Tiarna os a gcionn in airde.
5Is dearfa go deimhin do reachtanna;
is do do theachsa is cuí an naofacht,
a Thiarna, go brách na breithe.

Valgt i Øjeblikket:

Salm 93: ABN2012

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind