Salm 53

53
Na hAmadáin
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Dháiví.
2 Deir an t‑amadán ina chroí:
“Níl aon Dia ann.”
Tá siad truaillithe; déanann siad gníomhartha gránna;
níl aon duine maith ann.
3Breathnaíonn an Dia ó neamh
ar chlann na ndaoine
go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine
nó an iarrfaidh sé Dia.
4Chuaigh siad uile ar seachrán;
truaillíodh iad uile,
níl neach ann a dhéanfadh an mhaith,
níl oiread is duine.
5 An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc?
Slogann siad mo phobal
go díreach mar a shlogfaí arán.
Ní ghlaonn siad ar Dhia.
6Beidh siad ar crith le heagla
gan aon chúis eagla acu.
Óir scaip Dia cnámha do lucht ionsaithe;
tugadh a náire agus dhiúltaigh Dia dóibh.
7Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach!
Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal
beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.

Valgt i Øjeblikket:

Salm 53: ABN2012

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind