Salm 126

126
Síolchur Deorach, Fómhar Lúcháireach
1 Amhrán Oilithreach.
Nuair a sheol an Tiarna príosúnaigh Shíón ar ais,
ba chosúil le lucht aislinge sinn.
2Líon ár mbéal le gáire,
agus ár dteanga le gairdeas.
Bhíothas dá rá ansin i measc na gciníocha:
“Rinne an Tiarna go héachtach dóibh.”
3Rinne an Tiarna na héachtaí dúinn;
bhí áthas orainn go deimhin.
4Cuir sonas orainn arís, a Thiarna,
mar shruthanna sa Neigib.
5An dream a chuireann síol le deora,
bainfidh siad an fómhar faoi ghairdeas.
6Ag sileadh deor dóibh gabhann siad amach,
ag iompar síl chun a scaipthe.
Ag teacht ar ais dóibh tagann siad faoi áthas,
agus a bpunanna dá n‑iompar acu.

Valgt i Øjeblikket:

Salm 126: ABN2012

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind