Salm 123

123
Urnaí ar son Iosrael
1 Amhrán Oilithreach.
Chugat a thógaim mo shúile;
chugatsa a chónaíonn ar neamh.
2Mar shúile na ndaor ag faire
ar lámha a dtiarna;
mar shúile an chailín aimsire ag faire
ar lámha a máistreása,
3 bíonn ár súile ag faire an Tiarna, ár nDia,
nó go ndéana sé trócaire.
4Déan trócaire orainn, a Thiarna, déan trócaire;
óir fuaireamar ár ndóthain den dímheas.
5 De dhímheas lucht an díomais agus an tsaibhris
is dóthanach ár n‑anam.

Valgt i Øjeblikket:

Salm 123: ABN2012

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind