Geinis 31

31
Imthigheann Iacob. Leanann Labán é agus tagann suas leis. An connradh eatorra.
1Acht 'n-a dhiaidh sin chuala sé na foela a dubhairt mic Labáin: “Thóg Iacob gach a raibh ag ár n-athair-se; agus anois tá sé saidhbhir agus móirchúiseach as a mhaoin sin.” 2Agus thug sé fa dtear fosta nach raibh an gean (gnúis) céadna ag Labán air 's bhí indé agus an lá roimhe (eile). 3Go mór-mhór an Tighearna a rádh leis: “Pill ar ais go dtí do thír dhúthchais agus go dtí do mhuintir féin, agus beidh mise leat.” 4Chuir sé fios ar Rachel agus ar Lia teacht isteach san pháirc mar a raibh sé ag tabhairt aire do na tréada, 5agus ars é leo:
“Tchíthear dom nach bhfuil gean (gnúis) bhur n-athar orm, fé mar bhí indé agus an lá eile, acht bhí Dia m'athar liom. 6Agus tá fhos agaibh go dtug mé, lan-seirbhís dhílis do bhur n-athair. 7Acht féach! Ní thug bhur n-athair cothrom-na-féinne dom, óir d'áthruigh sé méad mo thuarasdail go minic (deich-n-uaire); agus mar sin fhéin níor leig Dia dhó aon díoghbhail a dheanamh dom. 8Dá n-abróchadh sé, am ar bith, ‘Bíodh na caoirigh breaca mar thuarasdal duit,’ gach uile cora a rugadh breac; acht nuair a dubhairt sé a mhalairt, ‘Tóg leat na cinn bhána mar thuarasdal,’ gach tréad a rugadh bán. 9Agus thóg Dia maoin bhur n-athar agus thug dom-sa é. 10Óir, an tráth tháinig dáir ar na h-uascáin, d'árduigh mé mo shúile, agus chonnaic, 's mé i mo chodladh, go raibh ioldathanna, balla, agus breacanna ar n afirinn a thug preab in-áirde ar na baininn. 11Agus dubhairt aingeal Dé liom,'s mé i mo chodladh, ‘A Iacoib!’ Agus d'fhreagair mise: ‘Tá mé annseo.’ 12Agus deir seiseann: ‘Árduigh do shúile, agus féach gur ioldaithte, ballach agus breac iad, na firinn atá a' preabú in-áirde ar na baininn, óir is eol dom gach atá deanta ag Labán ort. 13Is mise Dia Bheteil, an áit ar dhóirt tú ar an chloich, agus in ar thug tú do bhriathar móide dom. Mar sin de, eirigh, agus imthigh leat as an dúithche seo, agus pill ar ais i do thír dhúthchais.’” 14Agus d'fhreagair Rachel agus Lia: “'Bhfuil aon nidh fágtha aagainne de mhaoin agus d'oighreacht toighe ár n-athar? 15Nach mar stráinséirí d'amharch sé orainne, 's nár dhíol sé inn, agus nár ith sé ár luach? 16Acht thóg Dia maoin ár n-athar, agus thug dúinne iad, agus d'ár gcuid páisdí. Mar sin de, dean thusa gach ar órduigh Dia dhuit a dheanamh.”
17Le sin d'eirigh Iacob, agus tar éis a chuid páisdí agus a chuid ban a chur 'n-a suidhe ar na caiméilibh, d'imthigh s[] ar a thriall. 18Agus thug sé leis a chuid maoine, agus a thréada, agus a bhfuair sé i Mesapótamia agus d'imthigh a' thriall ar a athair, Isaac i dtír Chanaáin.
19Fa'n am sin bhí Labán imthighthe a' lomrú a chuid caora, agus do ghoid Rachel íodhail a h-athar. 20Agus ní chuirfeadh Iacob in-iul d'atha[r] a chéile go raibh sé ag téicheadh. 21Agus nuair bhí sé ar shiubhal leis, agus a c[] áirnéise uilig leis, agus ar dhul thar an abhainn dó. Bhí sé a' deanamh ar aghaidh ar chnoc (Mónt) Ghalaáid. 22H-innsigheadh do Labán, ar an treas lá, gur théich Iacob. 23Agus thug sé a bhráithre leis, agus chuaidh or thóir Iacoib, ar feadh seacht lá, agus tháinig sé suas leis ar chnoc (mont) Ghalaáid. 24Agus chonnaic sé Dia, i n-aisling, a' raádh leis: “Seacháin! Agus ná h-abair droch-fhocal in-aghaidh Iacoib!”
25Anois, bhí Iacob tar éis a bhóth a shuidhiú ins an tsliabh, agus nuair tháinig Labán agus a bhráithre suas leis chuir seisean a bhóth 'n-a shuidhe san chnoc chéadna sin Ghalaáid. 26Agus ars é le Iacob: “Cad chuige go ndearn tú seo? Mo níngheanacha a fhuadú mar bhráighidí, le láimh láidir, gan fhios dom? 27Cad chuige ar éolaigh tú leat faoi chuim, agus gan innsighe dom, óir d'fhéadfainn-se thú a thionnlachán ar do bhealach le ceol aoibhinn, le timbrel (dromaí), agus cruit, agus amhráin? 28Cha dtug tú faill dom mo chuid mac agus nínghean a phógadh; rinne tú beart dí chiallmhar; agus anois, a mhic ó. 29Tá sé ar mo chumas agam á chúitiú leat: Acht 's é dubhairt Dia d'athar liom indé: ‘Seacháin! 'S ná h-abair aon droch-fhocal in-aghaidh Iacoib!’ 30Má bhí dúil fhéin agat dhul chuig do cháirdí gaoil, agus súil agat le teach d'athar, uige ar ghoid tú uaim mo chuid íodhal?”
31D'fhreagair Iacob: “B'é an fath gur éoluigh mé gan fhíos duit, ‘Ar eagla go ngabhfá do chuid nínghean le láimh láidir.’ 32Acht, maidir le goid a chur i mo leith: Má fhaghann tú íodhal de do chuid ag aon duine (againne), cuirtear an duine sin chun báis i bhfiadhnuise ár mbráthar. Cuartuigh leat, agus má fhaghann tú aon nidh de do chuid-se agam-sa, tóg leat iad.” Anois, nuair a dubhairt sé seo, ní raibh fhios aige gurab í Rachel a ghoid na h-íodhail. 33Agus le sin chuaidh Labán isteach i mbóth Iacoib, agus i mbóth Lia, agus i mbóth na gcailín aimsire, acht chan fhuair sé iad. Agus nuair chuaidh sé isteach i mbóth Rachel. 34Chuir sise i bhfolach gan mholl iad, faoi úghaim an chaiméil, agus shuish sí anuas ortha. Agus nuair 'bhí an bhóth uilig cuartuighthe aige-sean, agus gan ceann aca d'fhagháil. 35Ars ise: “Ná bíodh fearg ar mo thighearna toisc nach dtig liom eirghe i mo sheasamh rómhat, óir thárla anois díreach dom fé mar thárluigheanns do na mnáibh, d'réir nósa.” Agus bhí a ghéar-chuartadh i n-aisce aige.
36Agus arsa Iacob, go feargach agus go géar leis: “Cá bhfuil an locht orm-sa, no caidé an rud contráilte rinne mé, a thug ort an tóir géar seo a chur orm? 37Agus troscán mo thighe a chuartú? Caidé fuair tú de do chuid áirnéise féin? Leag annseo é amach os cómhair mo bhráithre agus do bhráithre-se, agus fág aca-san an breitheamhnas eadrainn (orainn). 38Nach rabhas leat ar feadh fiche blian? Ní raibh de chud uascán ná do chuid gabhar seasc, níor ith mé pioc de réithíbh do chud tréad. 39Agus ní móide gur thaisbeánas duit an méad díobhtha a bhí stróicthe ag beithigh (allta). Chóirigh mé féin an damáiste uilig. Cibé rud a cailleadh tré ghoid, do bhain tusa díom é. 40De ló 's d'oidhche bhíos dóighte leis an teas agus préachta leis an sioc, agus níor thuit néal codlata ar mo shúilibh. 41Agus ar an dóigh seo thug mé seirbhís ar feadh fiche blian duit, i do thigh féin, ceithre bliadna déag ar son do chuid nínghneach, agus sé bliadna ar son do chuid tréad: Chomh maith leis sin rinne tú áthrú ar mhéad mo thuarasdail—deich n-uaire. 42Murab é gur sheas Dia m'athar, Ábraham, liom, agus go rabh eagla Isaaic orm, is dóiche go gcuirfeá ar shiubhal anois mé gan tada agam. Chonnaic Dia mo chruachás agus saothar mo dhá láimh, agus labhair sé go géar leat indé.
43D'fhreagair Labán é: “Is liom-sa na níngheacha agus na páisdí, agus do thréada-sa, agus gach uile rud a tchí tú, is liom-sa iad caidé dheanfas mé do mo chloinn, agus do chloinn mo chloinne? 44Éist liom, mar sin, deanamaois connradh eadrainn; ionnus go rabh sé mar fhiadhnuise eadrainn, beirt.” 45Agus thóg Iacob cloch agus chuir suas in a seasamh í mar fhiadhnuise. 46Agus ars é le n-a bhráthairibh: “Tobhairigidh clocha chugam annseo.” Agus chruinnigh siad clocha 's rinne cárn díobhtha, agus d'itheadar a gcuid bidh air. 47Agus thug Labán “Cárn na Fiadhnuise” air, agus thug Iacob “Cnoc na Fiadhnuise” air, gach duine d'réir ciall a chuid cainnte fhéin.
48Agus arsa Labán: “Bíodh an cárn seo 'n-a fhiadhnuise eadrainn indiu, agus ar a shon sin tugadh Galaád mar ainm air .i. “Cárn na Fiadhnuise.” 49“Go bhfeicidh Dia orainn, agus go ndeanaidh sé breitheamhnas orainn, an uair bhéas muid scartha agus i bhfad ó n-a chéile. 50Má ghní tú leathtrom ar mo nínghneacha, agus má bhearann tú mná eile isteach chun bheith 'n-a maighisreasaí ortha: Is é Dia amháin atá mar fhiadhnuise d'ár mbriatharaibh, Eisean atá (anois) i láthair agus a tchídh (inn).” 51Agus ars é arís le Iacob: “Féach an Cárn seo, agus an chloch atá tógtha agam mar chómhartha an chonnartha eadrainn, beirt. 52Bíodh mar fhidhnuise, an cárn seo, a deirim, agus an chloch, bídís mar fhidhnuise, má théighim-se thairis (sin) le dhul chugat-sa, no go rachthá thusa thairis agus olc in do chrodhe chugam-sa. 53Go dtugaidh Dia Ábrahaim, agus Dia Na[chor] Dia a n-athar-san, a bhreitheamhnas orainn.” Agus thug Iacob a bhriathar móide, dar eagla a athar Isaac.
54Agus tar éis dó íodhbairt a oráil ins an tsliabh, ghlaoidh sé ar a bhráithreocha teacht chu[] biadh (arán) d'ithe. Agus nuair d'ith siad, ch[] siad futha annsin. 55Acht d'eirigh Labán san oidhche agus phóg sé a nínghneacha agus a chuid mac, agus do bheannuigh sé iad. Agus phill ar ais go dtí a áit féin.

Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:

Geinis 31: ABNPOD

Ìsàmì-sí

Pín

Daako

None

Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀