YouVersion Logo
تلاش

Na Sailm 89

89
Salm 89.
Misericordias Domini.
1Beidh carthanacht ghrámhar an Tiarna á canadh de shíor agam: ó ghlúin go chéile beidh dʼfhíréantacht á foilsiú agam le mo bhéal.
2Is é dúirt mé, Ardófar an trócaire go deo: cuirfidh tú bunfhréamh dʼfhírinne sna neamha.
3Tá conradh déanta agam le mʼfhear tofa: thug mé mo mhionn do Dháibhí mo sheirbhíseach,
4Neartóidh mé go deo le do shíol: agus coinneoidh mé do chathaoir ríoga ina seasamh ó ghlúin go chéile.
5A Thiarna, beidh na neamha féin ag moladh dʼfheart: agus beidh dʼfhírinne á moladh ag an slua beannaithe.
6Óir cé sin i measc na néalta: atá le cur i gcosúlacht leis an Tiarna?
7Agus cé sin i measc na ndéithe: atá inchurtha leis an Tiarna?
8Is mór an eagla atá ag teacht chuig Dia i gcomhairle an tslua bheannaithe: is mór an urraim is dual dó ón lucht a bhíos ina thimpeall.
9A Thiarna Dia na slua, cé is cosúil leat: níl taobh dínn, a Thiarna mhóir na gcumhacht, nach mbíonn dʼfhírinne air.
10Bíonn fíoch na farraige ag géilleadh duit: ciúnaíonn tú a tonnta nuair a éiríonn siad.
11Smachtaigh tú an Éigipt, agus scrios tú í: scaip tú do naimhde le do ghéag chumhachtach.
12Is leat na neamha, is leat fós an talamh: is tú a chuir bun na cruinne, agus a bhfuil inti.
13Rinne tusa an tuaisceart agus an deisceart: bíonn dʼAinm mar chúis áthais ag Tabor agus ag Hermón.
14Tá géag chumhachtach agat: is láidir do lámh, agus is ard do lámh dheas.
15Bunaítear do chathaoir ar an bhfíréantacht agus ar an gceart: siúlfaidh an trócaire agus an fhírinne roimh do ghnúis.
16Is beannaithe iad an pobal, a Thiarna, lerbh fhéidir tú a bheith acu mar ábhar áthais: siúlfaidh siad i solas do ghnúise.
17Beidh dʼAinm mar chúis lúcháire acu gach lá: agus beidh siad ag maíomh as dʼfhíréantacht.
18Óir is tú clú a gcumhachta: agus is de do charthanacht ghrámhar a ardóidh tú ár n‑adharca.
19Óir is é an Tiarna ár gcosantóir: is é Naomh Iosrael ár Rí.
20Labhair tú i dtráth le do naoimh, agus dúirt tú: Chuir mé tarrtháil ar an té atá cumhachtach; dʼardaigh mé an té a toghadh as an bpobal.
21Ghlac mé Dáibhí mo sheirbhíseach: dʼung mé lem ola naofa é.
22Beidh greim daingean ag mo láimh air: agus beidh mo ghéag ag neartú leis.
23Ní fhéadfaidh an namhaid foiréigean a dhéanamh air: ná ní dhéanfaidh mac na hurchóide dochar dó.
24Beidh a naimhde á leagan agam os coinne a ghnúise: agus lucht a fhuatha á bpládh agam.
25Beidh mʼfhírinne fós agus mo thrócaire leis: agus is im Ainmse a ardófar a adharc.
26Cuirfidh mé an fharraige faoina réim: agus na sruthanna faoina láimh dheas.
27Is é a thabharfaidh sé orm, Is tú mʼathair: is tú mo Dhia agus mo shlánú cumhachtach.
28Déanfaidh mé mo chéadghin mic de: níos airde ná ríthe an domhain.
29Beidh mo thrócaire i dtaisce go deo faoina chomhair: agus beidh mo chonradh leis buanseasmhach.
30Tabharfaidh mé ar a shíol bheith buanmharthanach: agus ar a chathaoir fanacht mar laethanta neimhe.
31Ach más rud é go dtréigeann a chlann mo dhlí: agus mura siúlann siad de réir mo bhreithiúnas;
32Má bhriseann siad mo reachta, agus má sháraíonn siad mʼaitheanta: cuirfidh mé smacht ar a gcoireanna leis an slat, agus pionós orthu le sciúirsí ar son a bpeacaí.
33Ina dhiaidh sin, ní bhainfidh mé de ar fad mo thrócaire: ná ní ligfidh mé go dteipfeadh ar mʼfhírinne.
34Ní bhrisfidh mé mo chonradh, ná ní athróidh mé briathar mo bhéil: thug mé mo naofacht mar mhionn an t‑aon uair amháin nach dteipfidh mé ar Dháibhí.
35Mairfidh a shíol go deo: beidh a chathaoir chomh buan leis an ngrian romham.
36Seasfaidh sé go deo mar an ghealach: mar fhianaise na fírinne ar neamh.
37Ach is amhlaidh thug tú gráin do dʼungthach agus thréig tú é: agus bíonn tú míshásta leis.
38Tá do chonradh le do sheirbhíseach briste agat: agus a choróin caite ar lár agat.
39Leag tú a bhabhúin uile: agus bhris tú anuas a dhaingin.
40Bíonn lucht siúlta an bhealaigh á chreachadh: agus a ainm mar fhocal aithise ag a chomharsana.
41Thug tú an lámh uachtair dá naimhde: agus chuir tú lúcháir ar a eascairde uile.
42Mhaolaigh tú faobhar a chlaímh: agus ní thugann tú an bua dó sa chath.
43Mhúch tú a ghlóir: agus chuir tú a chathaoir ríoga ar lár.
44Ghiorraigh tú laethanta a óige: agus chumhdaigh tú le náire é.
45A Thiarna, ca fhad a bheidh tú do do cheilt féin, an go deo: agus an ndóifidh dʼfhearg mar thine?
46Ó cuimhnigh ar ghiorracht mʼama: cad chuige a ndearna tú na daoine uile in aisce?
47Cé né an fear dá maireann nach bhfeicfidh an bás: agus an bhfuasclóidh sé a anam ó láimh ifrinn?
48A Thiarna, cá bhfuil an mhaitheas ghrámhar a bhíodh agat fadó: a mhionnaigh tú i do dhílse do Dháibhí?
49Cuimhnigh, a Thiarna, ar an achasán a bhíos ar do sheirbhísigh: conas a iompraimse i mo bhrollach achasán an iomad daoine;
50Lena maslaíodh do naimhde thú: lenar chaitheadar dímheas ar lorg dʼungthach.
51Go moltar an Tiarna go síoraí: Áiméan agus Áiméan.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 89: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔