Na Sailm 87
87
Salm 87.
Fundamenta ejus.
1Is Ar na cnoic naofa a bunaíodh é: is fearr leis an Tiarna geataí Shíóin ná a bhfuil de árais ag Iácób.
2Níl ní dá fheabhas: nach ndeirtear fút, a chathair Dhé.
3Beidh an Éigipt agus Baibilón á lua agam: ar an dream a bhfuil aithne acu orm.
4Siúd na Filistínigh fós, agus muintir Thiorra, agus clann na Múrach: beifear á n‑áireamh lenar rugadh i Síón.
5Beifear á lua le Síón, gur rugadh seo agus siúd inti: agus beidh an Té is Airde ag neartú léi.
6Beidh an Tiarna ag meas, nuair a scríobhas sé na ciníocha síos: gur i Síón a rugadh gach duine acu.
7Freagróidh na cantairí agus lucht séidte na stoc: Níl tobar fuaráin agam nach bhfuil ionat.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 87: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965