Na Sailm 62
62
Salm 62.
Nonne Deo?
1Is amhlaidh bíonn mʼanam ag feitheamh go suaimhneach ar Dhia: ós uaidh thagann mo shlánú.
2Is é mo chumhacht é agus mo shlánú i bhfírinne: is é mo dhídean é, go nach baol dom mórthitim.
3Ca fhad a bheartóidh sibh aimhleas gach duine: marófar sibh go dtí an duine deiridh; beidh sibh go deimhin mar bhalla claon agus mar fhál bhearnaithe.
4Ní bheartaíonn siad ach conas a chuirfeas siad amach an té is toil le Dia a ardú: bíonn an dea‑fhocal óna mbéal, agus an mhallacht óna gcroí.
5Nár ba lúide, a mhʼanam, a bheifeá ag feitheamh go suaimhneach ar Dhia: ós as a bhíos mo dhóchas.
6Is é mo chumhacht agus mo shlánú é i bhfírinne: is é mo dhídean é, go nach baol dom titim.
7Is i nDia a bhíos mo shláinte agus mo ghlóir: is é carraig mo chumhachta é; agus is as Dia a bhíos mo dhóchas.
8Cuirigí bhur ndóchas ann de shíor, a dhaoine: doirtigí amach ina láthair a mbíonn ar bhur gcroí, ós é Dia ár ndóchas.
9Níl i gClann Ádhaimh ach díomhaointeas, is bréagach iad clann na ndaoine: nuair a thomhaistear iad, is éadroime ar fad iad ná an díomhaointeas féin.
10Ná taobhaigh leis an éagóir ná leis an bhfoghlaíocht, agus ná bígí tugtha don díomhaointeas: agus dá mhéid í bhur maoin, ná tugaigí bhur gcroí di.
11Is é a dúirt Dia aon uair amháin, agus chuala mé é á rá faoi dhó: gur le Dia an chumhacht.
12Agus gur trócaireach thú, a Dhia: ó thugann tú luaíocht do gach duine de réir a oibre.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 62: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965