Na Sailm 40
40
Salm 40.
Expectans expectavi.
1Dʼfhan mé go foighneach leis an Tiarna: agus chlaon sé chugam, agus chuala sé mo ghlaoch.
2Agus thug sé aníos mé as poll an uafáis, as an lábán agus an dóib: agus chuir sé mo chosa ina seasamh ar an gcarraig, agus rialaigh sé mo imeachta.
3Agus tá amhrán úrnua curtha i mo bhéal aige: mar atá altú dár nDia.
4Is iomaí duine a fheicfeas é, agus a ghlacfas eagla: agus a chuirfeas a mhuinín sa Tiarna.
5Is beannaithe an fear a mbíonn a dhóchas as Dia: agus nár chloígh le drong an díomais, agus le lucht leanúna na mbréag.
6Mo Thiarna Dia, is mór na fearta a rinne tú, ní lú do smaointe orainne: agus ní bhíonn aon duine á gcur i do cheann.
7Dá n‑insínn iad, agus dá ndéanainn trácht orthu: sháróidís mo chumas labhartha.
8Níor thoiligh tú íobairt ná toirbhirt: ach dʼoscail tú mo chluasa.
9Níor iarr tú íobairt loiscthe ná íobairt pheaca: ba ansin a dúirt mé, siúd ag teacht mé.
10Ar phár an leabhair atá breactha i mo thaobh, go bhfuil orm do thoil a chomhlíonadh, a Dhia liom: táim sásta a dhéanamh; tá do dhlí i mo chroí istigh.
11Dʼfhoilsigh mé dʼfhíréantacht sa mhórchruinniú: féach, ní choinneoidh mé mo bhéal ina thost, agus tá a fhios agat é, a Thiarna.
12Níor cheil mé dʼfhíréantacht i mo chroí istigh: ach labhair mé ar dʼfhírinne agus ar do shlánú.
13Níor choinnigh mé siar do thrócaire ghrámhar ná dʼfhírinne: ón mórchruinniú.
14Ná coinnigh do thrócaire uaim, a Thiarna: bíodh do charthanacht ghrámhar agus dʼfhírinne do mo chumhdach i gcónaí.
15Óir thimpeallaigh buartha gan áireamh mé; fuair mo pheacaí greim orm ionas nach bhféadaim mo cheann a thógáil: ní lia ribí mo chinn ná iad, agus cloíodh mo chroí ionam.
16A Thiarna, go mba thoil leat mʼfhuascailt: déan deifir, a Thiarna, do chuidiú liom.
17Bíodh náire agus aiféala le chéile ar an dream atá le mʼanam a mhilleadh: cuirtear ar gcúl iad, agus tugtar aithis don dream a mbíonn olc acu dom.
18Bídís fágtha, faoina ndíol de náire: an dream a deir liom, mo náire thú, mo náire thú.
19Go raibh tú féin ag an dream a bhíos dod iarraidh mar chúis áthais agus lúcháire: agus abradh an dream a thug grá do do shlánú de shíor, Moladh leis an Tiarna.
20Táimse bocht dearóil: ach ní beag leis an Tiarna mo chás.
21Is tú mo chúntóir agus mʼfhuascailteoir: ná déan mórán moille, a Dhia liom.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 40: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965