Na Sailm 149
149
Salm 149.
Cantate Domino.
1Canaigí don Tiarna amhrán úrnua: moladh comhthionól na naomh é.
2Bíodh a chruthaitheoir mar chúis lúcháire ag Iosrael: agus a Rí mar ábhar áthais ag clann Shíóin.
3Molaidís a Ainm sa damhsa: seinnidís a mholadh leis an gcruit agus leis an gcláirseach.
4Óir bíonn dúil ag an Tiarna ina phobal: agus cuidíonn sé le lucht an chroí cheansa.
5Bíodh gairdeas agus glóir ar na naoimh: bíodh lúcháir orthu ina leapacha.
6Bíodh moladh Dé ina mbéal: agus claíomh an dá fhaobhar ina lámha.
7Le díoltas a imirt ar na págánaigh: agus le achasán a thabhairt do na ciníocha;
8Lena ríthe a cheangal le slabhraí: agus a uaisle le cuibhreacha iarainn;
9Le breithiúnas a chur i bhfeidhm orthu, mar tá scríofa: Is é a bhíos de onóir ag a naoimh go léir.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 149: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965