Na Sailm 144
144
Salm 144.
Benedictus Dominus.
1Go mba bheannaithe an Tiarna mo chumhacht: a mhúineas an cogadh do mo lámha, aʼs an cath do mo mhéara;
2Mo dhóchas agus mo dhaingean, mo chaisleán agus mʼfhuascailteoir, mo chosantóir as a mbíonn mo mhuinín: a smachtaíos an mhuintir atá faoi mo cheannas.
3A Thiarna, cad is duine ann, go mbeadh an meas sin agat air: nó mac an duine go dtabharfá oiread airde air?
4Níl sa duine ach neamhní: scinneann a sheal thart mar scáil.
5Claon do neamha, a Thiarna, agus tar anuas: cuimil leis na sléibhte, agus beidh toit astu.
6Caith amach do splancacha, agus réab iad: scaoil amach do shaigheada, agus scrios iad.
7Cuir anuas do lámh ón airde: bhí dom fhuascailt, agus tóg mé amach as na huiscí móra, as láimh na gcoimhthíoch;
8Nach labhraíonn a mbéal ach díomhaointeas: agus ar lámh dheas urchóide a lámh dheassan.
9Canfaidh mé amhrán úrnua duit, a Dhia: agus seinnfidh mé do mholadh ar liúit na ndeich téad.
10Thug tú bua do na ríthe: agus dʼfhuascail tú Dáibhí do sheirbhíseach ó bhaol an chlaímh.
11Bí do mo shaoradh agus dom fhuascailt as láimh na gcoimhthíoch: nach labhraíonn a mbéal ach díomhaointeas, agus ar lámh dheas urchóide a lámh dheas‑san.
12Go bhfása ár gclann mhac aníos mar ghasa óga: agus go raibh ár gclann iníon mar chúinní snasta an teampaill.
13Go raibh ár n‑iothlanna ag cur tharstu le gach cineál stóir: agus go raibh ár gcaoirigh ag breith na mílte agus na ndeich mílte inár bpáirceanna.
14Go raibh ár ndaimh go láidir chun saothair, ionas nach raibh meath ann: ná imirce i mbraighdeanas, ná ceasacht faoinár sráideanna.
15Is aoibhinn don mhuintir arbh amhlaidh a gcás: is aoibhinn gan amhras an mhuintir a mbíonn an Tiarna acu mar Dhia.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 144: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965