Na Sailm 116
116
Salm 116.
Dilexi, quoniam.
1Tá mʼintinn lánsásta: gur éist an Tiarna le glór mo ghuí;
2Go dtug sé cluas dom: dá bhrí sin beidh mé ag glaoch air fhad agus a mhairim.
3Bhí dola an éaga do mo thimpeallú: bhí pianta ifrinn ag fáil greama orm.
4Bhí mé faoi thuirse agus faoi throime chroí, agus ghlaoigh mé ar Ainm an Tiarna: A Thiarna, impím ort go bhfuascla tú mʼanam.
5Is fial fíréanta an Tiarna: is ag ár nDia atá an trócaire.
6Cumhdaíonn an Tiarna na daoine simplí: is é a chuidigh liom, agus mé i mbuaireamh.
7Bíodh suaimhneas ort arís, a mhʼanam: ó thug an Tiarna luaíocht duit.
8Agus cad chuige? Dʼfhuascail tú mʼanam ó bhás: mo shúile ó dheora, agus mo chosa ó thitim.
9Siúlfaidh mé i láthair an Tiarna: ar thalamh na mbeo.
10Chreid mé, agus labhróidh mé dá bhrí sin; ach ba mhór é mo bhuaireamh: thug mé deifir orm á rá, Is bréagach iad na daoine go léir.
11Conas a chúiteoidh mé leis an Tiarna é: ar son a ndearna sé de mhaith orm?
12Glacfaidh mé corn an tslánaithe: agus glaofaidh mé ar Ainm an Tiarna.
13Comhlíonfaidh mé mo mhóideanna anois i láthair a phobail uile: is lánluachmhar bás a naomh i súile an Tiarna.
14Féach orm, a Thiarna, atá i mo sheirbhíseach agat: is mé do sheirbhíseach, mac do chumhaile; réab tú mo chuibhreacha ó chéile.
15Tairgfidh mé duit íobairt an bhuíochais: agus glaofaidh mé ar Ainm an Tiarna.
16Comhlíonfaidh mé mo mhóideanna don Tiarna, faoi shúile a phobail go léir: i gcúirteanna tí an Tiarna, agus i do cheartlár, a chathair Iarúsalem. Molaigí an Tiarna.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 116: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965