Salm 70

70
Blogh
1 Don stiúrthóir. [Salm] Dháiví. Mar chuimhneachán.
2Go mba toil leat, a Dhia, mé a fhuascailt;
brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.
3Go raibh náire agus ceann faoi ar an dream
a bhfuil mo bheo agus mʼanam uathu.
Go gcuirtear ar gcúl faoi náire
a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.
4Go ngabha ar ais faoi mhearbhall
an drong a deir liom: “Há, há!”
5 Go ndéana a mbíonn do dʼiarraidh
ríméad agus gairdeas.
Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:
“Moladh le Dia!”
6Ós dealbh dearóil mé,
tar chugam, a Dhia.
Is tú mo chabhair is mʼfhuascailteoir,
ná moilligh, a Thiarna!

موجودہ انتخاب:

Salm 70: ABN2012

سرخی

کاپی

موازنہ

شئیر

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in