Salm 122

122
Iarúsailéim: An Chathair Naofa
1 Amhrán oilithreach. Le Dáiví.
Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:
“Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”
2Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin
i do dhoirse, a Iarúsailéim.
3Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáil
go dlúth is go daingean.
4Is chuici suas a ghabhann na treibheanna,
treibheanna an Tiarna,
dʼfhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael,
agus buíochas don Tiarna.
5Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais,
cathaoir do theaghlach Dháiví.
6Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn;
gura slán a dtugann taitneamh duit.
7Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha,
agus flúirse i do phálás.
8Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte,
síocháin go raibh ionat.
9Ar son teach an Tiarna, ár nDia,
iarraim do leas.

ప్రస్తుతం ఎంపిక చేయబడింది:

Salm 122: ABN2012

హైలైట్

కాపీ

సరిపోల్చండి

షేర్ చేయి

None

మీ పరికరాలన్నింటి వ్యాప్తంగా మీ హైలైట్స్ సేవ్ చేయబడాలనుకుంటున్నారా? సైన్ అప్ చేయండి లేదా సైన్ ఇన్ చేయండి