YouVersion logo
Dugme za pretraživanje

Salm 43

43
1Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis
in aghaidh lucht na héagráifeachta.
Ó lucht an fhill agus na hurchóide
saor mé, (a Dhia).
2Óir is tú mo dhídean, a Dhia,
cén fáth ar theilg tú uait mé?
Cén fáth a bhfuilim ag triall go dobrónach
agus mo namhaid do mo chiapadh?
3Cuir chugam do sholas agus dʼfhírinne,
go ndéana siad mo threorú
do mo thionlacan faoi dhéin do chnoic naofa,
faoi dhéin do phailliúin.
4Triallfaidh mé ar altóir Dé,
ar Dhia is cúis áthais dom;
agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit
a Dhia, ón, a Dhia liom!
5Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,
faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?
Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;
mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

Trenutno izabrano:

Salm 43: ABN2012

Istaknuto

Kopiraj

Uporedi

Podeli

None

Želiš li da tvoje istaknuto bude sačuvano na svim tvojim uređajima? Kreiraj nalog ili se prijavi