Mufananidzo weYouVersion
Mucherechedzo Wekutsvaka

Na Sailm 23

23
Salm 23.
Dominus regit me.
1Is é an Tiarna mʼaoire: ní féidir easpa dʼaon ní ḃeiṫ orm.
2Beiḋ mé ar innilt aige i bpáirc ḟéir ġlais: agus beiḋ sé do mo ṡeolaḋ ar ḃruaċ uisce an tsóláis.
3Iompóiḋ sé mʼanam: agus seolfaiḋ sé go cosáin na fíréantaċta mé, as uċt a Ainm.
4Siúd is go siúlfainn trí ġleann scáile an ḃáis, ní baol dom an t‑olc: óir bíonn tusa i mo ċoiṁdeaċt; is iad do ḃata agus do ḃaċall mo ṡólás.
5Feisteoiḋ tú bord roṁam ar neaṁċead luċt mo ḃuarṫa: ḋoirt tú ola ar mo ċeann, agus beiḋ mo ċupán lán.
6Aċ beiḋ do ċarṫanaċt agus do ṫrócaire do mo leanúint ar feaḋ mo ṡaoil ʼsmo laeṫanta: agus beiḋ mé i mo ċónaí i dteaċ an Tiarna go bráċ.

Zvasarudzwa nguva ino

Na Sailm 23: OC1965G

Sarudza vhesi

Sarudza zvinyorwa izvi

Yenzanisa

Pakurirana nevamwe

None

Unoda kuti zviratidziro zvako zvichengetedzwe pamidziyo yako yose? Nyoresa kana kuti pinda