Logótipo YouVersion
Ícone de pesquisa

Maitiú 2

2
Caibidil II
Bheir na draoithe tiodhlaicthe chuig Íosa: teicheann an Teaghlach Naomhtha chun na h-Éigipte: marbhadh na leanbh.
1Annsin nuair a rugadh Íosa#Lúc. 2, 7. i mBeithil Iúda le linn Ioruaidh, rí, féach, tháinic draoithe as an oirthear go h-Ierusalem,
2Ag rádh: Cá bhfuil an té seo a rugadh ina rígh ar na h-Iúdaigh? Óir chonnacamar a réalt san oirthear, agus tháiniceamar chun é d’adhradh.
3Agus nuair a d’airigh rí Ioruadh seo, bhí buaidhreamh air, agus ar Ierusalem uilig ina theannta.
4Agus ar chruinniughadh na bpríomh-shagart agus Scríobhaidhthe an phobail go léir le chéile dó, d’fhiafruigh sé díobh cá h-áit an chóir do’n Chríost a theacht ar an tsaoghal.
5Agus dubhairt siad-san leis: I mBeithil Iúda, óir sin mar atá scríobhtha ag an fháidh:
6Agus tusa, a Bheithil, talamh Iúda,#Micheas 5, 2; Eoin 7, 42. ní tú is lugha ar chor ar bith ar thaoisigh Iúda, óir is asat-sa a thiocfas an ceannphort a dhéanfas mo phobal, Israél, a riaghladh.
7Annsin ghoir Ioruadh na draoithe chuige i ngan fhios, agus fuair sé amach go cruinn uatha an t-am i n-ar nochtadh an réalt dóibh.
8Agus ghá gcur isteach go Beithil, dubhairt sé: Imthighigidh, agus cuartuighigidh an leanbh go maith, agus nuair a gheobhas sibh é, taraigidh le scéala chugam-sa arís, chun go dtéighidh mise le h-adhradh a thabhairt dó fosta.
9Agus nuair a chuala siad an méid sin ó’n rígh, d’imthigh siad. Agus féach, an réalt a chonnaic siad san oirthear, ghluais sé rompa go dtí gur stad sé ós cionn na h-áite ina raibh an leanbh.
10Nuair a chonnaic siad an réalt, líonadh le h-áthas as cuimse iad.
11Agus ar dhul isteach san tigh dóibh, fuair siad an leanbh agus Muire, a mháthair, agus ag sléachtadh go talamh dóibh, thug siad adhradh dó: agus d’fhoscail siad a gcuid stór go dtug tiodhlaicthe dó, ór, túis, agus miorr.#Sailm 71, 10.
12Agus ó fuair siad rabhadh ina gcodladh gan dul thar ais chuig Ioruadh, phill siad bealach eile chun a dtíre féin.
13Nuair a bhí siad-san ar shiubhal, féach, thaisbeán aingeal an Tighearna é féin i n-aisling do Ióseph, agus dubhairt: Éirigh agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus teich chun na h-Éigipte; agus fan annsin go dtí go n-innsidh mise duit. Óir is amhlaidh a bhéas Ioruadh ar lorg an leinbh chun é chur chun báis.
14Agus ar éirghe dó-san, thóg sé leis an leanbh agus a mháthair san oidhche, agus d’imthigh sé chun na h-Éigipte.
15Agus bhí sé annsin go bás Ioruaidh: ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhairt an Tighearna tríd an fháidh, a dubhairt: Ghoir mé ar mo mhac as an Éigipt.#Osee 11, 1.
16Annsin nuair a d’airigh Ioruadh gur bhain na draoithe mealladh as, bhí fearg as cuimse air, agus ar chur lucht marbhtha amach dó, mharbh sé a raibh de pháistí fir i mBeithil, agus ins na críocha uilig ina thimcheall, i n-aois a ndá mbliadhan agus faoi, do réir na n-aimsire a fuair sé amach go cruinn ó na draoithe.
17Ba annsin a cóimhlíonadh an rud a dubhairt Ieremías, fáidh, ag rádh:
18Cluineadh guth i Rama,#Ier. 31, 15. mairgneach agus árd-ghol: Rachel ag caoineadh a cloinne, agus níorbh áil léi sólás a ghlacadh, siocair gan iad a bheith ann.
19Acht nuair a bhí Ioruadh marbh, féach, thaisbeán aingeal an Tighearna é féin do Ióseph i n-aisling san Éigipt,
20Ag rádh: Éirigh, agus tóg leat an leanbh agus a mháthair, agus gabh isteach i dtír Israéil: óir tá siad siúd marbh a bhí ag iarraidh bás an leinbh.
21Agus d’éirigh seisean, thóg leis an leanbh agus a mháthair, agus tháinic go tír Israéil.
22Acht nuair a chuala sé go raibh Arclás ina rígh i n-Iudaia i n-ionad Ioruaidh, a athair, bhí eagla air dul annsin, acht fuair sé rabhadh ina chodladh, agus tharraing sé ar chríocha na Gailile.
23Agus tháinic sé a chómhnaidhe i gcathair dá ngoirtear Nasair, ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd na fáidhe: Go ngoirfear Nasardha de.

Atualmente selecionado:

Maitiú 2: ASN1943

Destaque

Partilhar

Copiar

None

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão

YouVersion usa cookies para personalizar a sua experiência. Ao usar o nosso site, aceita o nosso uso de cookies como temos descrito na nossa Política de Privacidade