Iób 7
7
1Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh?
Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?
2Mar dhaor a shantaíonn an scáth,
Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.
3Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge
gur gearradh amach dom oícheanta buartha.
4I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?”
Ar mʼéirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?”
Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
5Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air;
Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis.
6Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra,
Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
7Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála;
Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.
8An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó.
Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh.
9Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal,
Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól.
10Ní thagann sé abhaile arís,
Agus ní aithneoidh a áitreabh é a thuilleadh.
11Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga,
Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh.
Beidh mé ag cáiseamh agus mʼanam faoi dhoilíos.
12An mé an Mhuir nó an Ollphiast
A rá is go gcuirfeá lucht faire i mo chúram?
13Má deirim: “Tabharfaidh mo leaba faoiseamh dom,
Agus déanfaidh mo tholg mo phian a bhogadh,”
14Ansin cuireann tú scéin orm le brionglóidí
Agus scanradh le físeanna,
15I dtreo gur fearr le mʼanam folathachtadh,
Agus an bás féin ná [caidreamh le] mo chnámha
16Nuair a rachaidh mé in éag, ní thiocfaidh anam ionam go brách.
Lig dom féin, mar níl i mo ré ach puth.
17Cad tá sa duine le go ndéanfá mór níos fiú de?
Nó go dtógfá ceann de?
18Go ndéanfá fiosrú air gach maidin
Agus é a thriail gach nóiméad?
19Cá fhad go dtógfair díom do shúile
Agus ligean dom mo sheile a shlogadh?
20Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin,
A fhir faire an chine dhaonna?
Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom,
I dtreo gur ualach ort mé?
21Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl
Agus mo choir a mhaitheamh dom?
Óir is gearr go luífidh mé sa chré;
Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.
Nu geselecteerd:
Iób 7: ABN
Markering
Kopiëren
Vergelijk
Delen
Wil je jouw markerkingen op al je apparaten opslaan? Meld je aan of log in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: