Iób 14
14
1Fear a rugadh ó bhean,
Nach raibh fad saoil aige ach mórchuid anró,
2A eascrann mar bhláth agus a fheonn,
Agus a imíonn mar scáil gan fanacht–
3An ar a leithéid sin a leagann tú do shúil
Agus a thugann tú le breith a thabhairt air os do chomhair?
4Uch nach gcailltear an glan
Ar mhalairt slí leis an neamhghlan!
5Ós rud é go bhfuil a laethanta ríofa,
Agus líon a mhíonna ag brath ortsa,
Agus a theorainn do-ghafa leagtha síos agat dó,
6Ná féach ina threo, ach lig dó féin,
Go gcomhlíona sé a lá dála an bhuachaill aimsire.
7Bíonn dóchas ann i gcónaí do chrann,
Má ghearrtar anuas é, cuirfidh sé bachlóga amach arís,
Agus ní theipfidh a phéaca.
8Fiú má théann a fhréamha in aois sa talamh,
Agus go n‑éagfaidh a stocán sa talamh,
9Péacfaidh sé le boladh an uisce,
Agus eascróidh géaga as dála phlanda nua.
10Ach téadh an duine in éag, agus fanann ina staic;
Imíodh an dé as fear, agus cá bhfuil sé?
11Dʼfhéadfadh uiscí na farraige dul ar ceal,
An sruthán dul i ndísc agus i dtiormacht,
Ach luíodh an duine san uaigh, agus ní éireoidh sé arís.
12Go dté na spéartha ar ceal ní mhúsclóidh sé,
Agus ní éireoidh sé as a chodladh.
13Uch nach gcuireann tú i bhfolach mé i Seól!
Agus mé a cheilt nó go dté dʼfhearg thar bráid!
Agus téarma cinnte a cheapadh dom, agus cuimhneamh orm!
14Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís,
Dʼfhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir,
Nó go ndéanfaí fóirithint orm.
15Ghlaofá orm ansin, agus thabharfainn freagra ort,
Agus bheifeá ag tnúth le radharc a fháil ar shaothar do lámh.
16Óir dhéanfá mo chéimeanna a ríomhadh
Agus ní bheifeá ag faire mo locht.
17Bheadh mo choireanna faoi shéala i mála,
Agus chuirfeá folach ar mo pheaca.
18Mar a thiteann sliabh le fána,
Agus a chorraítear carraig as a láthair,
19Mar a chaitheann na huiscí na clocha,
Mar a scuabann an tuile luaithreach na talún leis,
–Sin mar a scriosann tú dóchas an duine.
20Déanann tú é a threascairt go brách, agus imíonn sé leis;
Cuireann tú athrú cló air, agus seolann tú uait é.
21Baineann a chlann mhac onóir amach, ach is gan fhios dó é!
Leagtar ar lár iad, ach ní eol dó sin.
22Níl ag cur tinnis air ach a chorp féin,
Níl dʼábhar olagóin ag a anam ach é féin.
Nu geselecteerd:
Iób 14: ABN
Markering
Kopiëren
Vergelijk
Delen
Wil je jouw markerkingen op al je apparaten opslaan? Meld je aan of log in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: