Nuair a fuair cairde Iób tuairisc ar an mí-ádh seo go léir a thit air, dʼfhág gach duine díobh an baile–Eilífeaz ó Théamán, Bildead ó Shiúach agus Zófar ó Namát–rinneadar coinne le chéile agus bheartaíodar dul agus comhbhrón a dhéanamh leis agus sólás a thabhairt do. Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe). Shuigh siad ar an talamh taobh leis ar feadh seacht lá agus seacht n‑oíche, gan focal a labhairt leis mar ba dhobrónach an radharc acu é.