YouVersion လိုဂို
ရွာရန္ အိုင္ကြန္

Salm 145

145
Maorgacht agus Ollmhaitheas Dé
Salm Aibítreach
1 Moltaí Dháiví.
Mórfaidh mé thú, a Dhia agus a Rí;
agus molfaidh mé dʼainm trí shaol na saol.
2Molfaidh mé thú in aghaidh an lae;
agus molfaidh mé dʼainm trí shaol na saol.
3Is mór an Tiarna agus is inmholta thar cuimse é;
ní féidir a mhórgacht a mhionransú.
4Fógrófar dʼoibreacha ó ghlúin go glúin
agus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna.
5Déanfar trácht ar mhórghlóir do mhaorgachta;
agus inseofar dʼéachtaí iontacha.
6Labhrófar faoi do bhearta uafásacha;
beifear ag caint faoi do chumhacht is do chumas.
7Cuimhneofar ar líonmhaireacht do mhaitheasa;
agus déanfar dʼfhíréantacht a chanadh go háthasach.
8Is cineálta an Tiarna agus is trócaireach,
mall chun feirge, agus lán de thrua.
9Is grámhar an Tiarna le gach aon neach;
tá trua aige do gach dúil dá ndearna sé.
10Ceiliúrfaidh dʼoibreacha uile thú, a Thiarna;
agus beannóidh do dhaoine dílse thú.
11Canfaidh siad glóir-réim do ríochta;
agus foilseoidh siad uile do chumhacht,
12ionas go nochtfar do chumhacht do dhaoine
agus niamhracht agus glóir-réim do ríochta.
13Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol,
agus do cheannas go brách na breithe.
Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile;
agus is naofa é ina oibreacha go léir.
14Tacaíonn an Tiarna lena mbíonn ag titim;
agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár.
15Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ort-sa;
agus tugann tú bia dóibh in am trátha.
16Osclaíonn tú do lámh go fialmhar;
agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas.
17Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile;
agus is naofa é ina oibreacha go léir.
18Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air,
dá ngaireann air go fírinneach ó chroí.
19Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é;
éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.
20Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó;
ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.
21Go gcana mo bhéal moladh an Tiarna
agus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa;
go brách agus go síoraí suthain.

လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု

Salm 145: ABN2012

အေရာင္မွတ္ခ်က္

မၽွေဝရန္

ကူးယူ

None

မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ