YouVersion လိုဂို
ရွာရန္ အိုင္ကြန္

Matha 6

6
Intinn Ghlan sa Déirc
1Aire daoibh gan a bheith ag déanamh taibhsimh as bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidís faoi deara iad, óir má bhíonn, beidh sibh gan tuarastal i láthair bhur nAthar atá ar Neamh.
2“Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa dá shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréag-chráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách dá moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. 3Ach tusa, ag déanamh déirce duit, ná bíodh a fhios ag do láimh chlé cad a dhéanann do lámh dheas, 4ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat é.
Intinn Ghlan sa Ghuí
5“Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréag-chráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. 6Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun dʼAthar atá ansiúd faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
7“Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n-éistfear leo. 8Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n-iarrann sibh air iad. 9Seo mar a dhéanfaidh sibh-se guí:
Ár nAthair, atá ar Neamh,
go naofar dʼainm;
10go dtaga do Ríocht;
go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar Neamh.
11Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu;
12agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimid-ne dár bhféichiúna féin;
13agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ón Olc.
14Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh-se freisin. 15Ach mura maitheann sibh-se do chách, ní mó a mhaithfidh bhur nAthair bhur gcionta daoibh-se.
Intinn Ghlan sa Troscadh
16“Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréag-chráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. 17Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh dʼaghaidh, 18agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag dʼAthair atá i láthair faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
Ciste ar Neamh: Ciste ar Talamh
19“Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg dá mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach dá ghoid. 20Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach dá ghoid. 21Óir san áit a mbíonn do stór, is ann a bheidh do chroí freisin.
An Chríonnacht: An Ghuí Mhuiníneach
22“Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar. 23Ach má bhíonn do shúil tinn, beidh do chorp ar fad sa dorchadas. Mar sin, má bhíonn an solas atá ionat ina dhorchadas, nach mór an dorchadas é sin!
24“Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamh-shuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.
25“Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach?
26“Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síol-chur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibh-se ná iad sin? 27Cé agaibh a dʼfhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhan-lámh amháin a chur le fad a shaoil? 28Agus cén fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh. 29Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo. 30Lus an bháin a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibh-se a éadú, a lucht an bheagáin creidimh? 31Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’ 32Nithe iad siúd uile a mbíonn na págánaigh ar a dtóir; rud eile, tá a fhios ag bhur nAthair neamhaí go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin uile. 33Ach déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith. 34Mar sin, ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amárach imníoch faoi féin. Is leor do gach lá a chuid féin den trioblóid.

လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု

Matha 6: ABN2012

အေရာင္မွတ္ခ်က္

မၽွေဝရန္

ကူးယူ

None

မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ