YouVersion လိုဂို
ရွာရန္ အိုင္ကြန္

Matha 23

23
Na Fairisínigh agus
na Scríobhaithe dá gCáineadh
1Labhair Íosa ansin leis na sluaite agus lena dheisceabail: 2“Tá na scríobhaithe agus na Fairisínigh ina suí i gcathaoir Mhaois, 3agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n-oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu. 4Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní háil leo féin iad a bhogadh le barr méire. 5Déanann siad a n-oibreacha uile dʼfhonn go mbeifear dá dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga; 6is maith leo an chéad áit sna fleánna agus na príomhshuíocháin sna sionagóga, 7agus go mbeifear ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifear ag tabhairt ‘raibí’ orthu. 8Ach ná bíodh ‘raibí’ dá thabhairt oraibhse; óir níl ach an t-aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibh-se uile. 9Agus ná glaoigí bhur ‘n-athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t-aon Athair, an té atá ar Neamh. 10Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ dá thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t-aon Mhúinteoir, an Críost. 11An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh. 12Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é.
Mairgí ar na Scríobhaithe agus ar na Fairisínigh
13“Is mairg daoibh-se, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh Ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.
(14“Is mairg daoibh-se, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n-alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.)
15“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin.
16“Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’ 17A dhaoine atá dall gan tuiscint, cé acu is mó le rá, mar sin, an t-ór féin nó an sanctóir faoi deara an t-ór a bheith naofa? 18Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’ 19A dhaoine dalla, cé acu ís mo le rá, mar sin, an ofráil, nó an altóir faoi deara an ofráil a bheith naofa? 20Dá bhrí sin, an té a mhionnaíonn dar an altóir, mionnaíonn sé dar an altóir agus dar a bhfuil anuas uirthi. 21Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann, 22agus an té a mhionnaíonn dar Neamh, mionnaíonn sé dar rí-chathaoir Dé agus dar an té atá ina shuí inti.
23“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n-íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí. 24A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar.
25“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus dʼainmheasarthacht. 26A Fhairisínigh dhaill, déan an taobh istigh den chupa a ghlanadh ar dtús, chun go ndéanfar an taobh amuigh de glan freisin.
27“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar. 28sibh-se mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine a bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus dʼolcas.
29“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maisíonn sibh tuamaí na bhfíréan, 30ag rá: ‘Dá mbeimisne suas in aimsir ár n-aithreacha, ní bheadh aon pháirt againn leo i bhfuil na bhfáithe a dhoirteadh.’ 31Sin mar a thugann sibh fianaise in bhur gcoinne féin gur clann sibh dóibh siúd a dʼimir bás ar na fáithe, 32agus líonaigí suas tomhas bhur n-aithreacha.
33“A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith Ifrinn? 34Sin é an fáth, féach, a bhfuilim ag cur fáithe chugaibh, agus eagnaithe, agus scríobhaithe; déanfaidh sibh cuid acu a mharú agus a chéasadh, cuid acu a sciúrsáil in bhur sionagóga agus tóir a chur orthu ó chathair go cathair, 35chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil fíréan go dtí fuil Zacairiá mac Bharaichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir. 36Deirim libh go fírinneach, tiocfaidh an méid sin uile anuas ar an nglúin seo.
37“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus nárbh áil leat-sa! 38Féach, fágfar agaibh bhur dteach agus é go huaigneach! 39Óir deirim libh, ní fheicfidh sibh mé as seo amach go ndéarfaidh sibh: ‘Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.’”

လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု

Matha 23: ABN2012

အေရာင္မွတ္ခ်က္

မၽွေဝရန္

ကူးယူ

None

မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ