YouVersion လိုဂို
ရွာရန္ အိုင္ကြန္

Matha 20

20
Parabal na nOibrithe
san Fhíonghort
1“Óir is iad dála Ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt. 2Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíon-ghort iad. 3Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh 4agus dúirt sé leo: ‘Isteach i mʼfhíon-ghort libh-se freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’ 5Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú huair agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna. 6Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a dʼfhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’ 7Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘sibh-se freisin, isteach sa bhfíonghort libh.’ 8Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’ 9Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine. 10Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin. 11Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí: 12‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t-aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a dʼfhulaing ualach an lae agus an brothall.’ 13Dʼfhreagair sé duine acu dá rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom? 14Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liom-sa a oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit. 15An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’ 16Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”
Páis agus Aiséirí: An Tríú Tairngreacht
17Bhí Íosa ag dul suas go hIarúsailéim, agus rug sé leis an dáréag ar leithligh agus sa tslí dóibh dúirt sé leo: 18“Seo anois sinn ag dul suas go hIarúsailéim, agus tabharfar Mac an Duine ar láimh dʼuachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe, agus daorfaidh siad sin chun báis é, 19agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é chun go ndéanfaí fonóid faoi agus go sciúrsálfaí é agus go gcéasfaí é, agus éireoidh sé an treas lá.”
Achainí Mháthair Chlann Zeibidé
20Ansin tháinig máthair chlann Zeibidé chuige agus a mic in éineacht léi agus dʼumhlaigh sí síos ag iarraidh aisce air. 21Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agam-sa, go n-ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do Ríocht.” 22Dʼfhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupán a ól atá le hól agam-sa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.” 23Dúirt sé leo: “Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agam-sa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag mʼAthair.”
24Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt deartháireacha. 25Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: “Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu. 26Ach ní mar sin a bheidh an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, 27agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí daoibh; 28díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”
Beirt Dhall dá Leigheas
29Ag dul amach as Ireachó dóibh, lean slua mór é, 30agus bhí an bheirt dall seo ina suí le hais an bhóthair. Nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thar bráid, scread siad amach: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!” 31Bhagair an slua orthu a bheith ina dtost, ach is ea ba mhó a scread siad: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!” 32Stad Íosa dá shiúl, ghair sé iad agus dúirt: “Cad ab áil libh mé a dhéanamh daoibh?” 33Dúirt siad leis: “Ár súile a oscailt dúinn, a Thiarna!” 34Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é.

လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု

Matha 20: ABN2012

အေရာင္မွတ္ခ်က္

မၽွေဝရန္

ကူးယူ

None

မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ