YouVersion လိုဂို
ရွာရန္ အိုင္ကြန္

Matha 17

17
An Claochlú
1Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. 2Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus mʼéirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. 3Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. 4Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar a tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bhoth san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann dʼÉilias.” 5Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.” 6Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán dʼuamhan. 7Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” 8Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin. 9Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraígí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.” 10Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?” 11Ba é freagra a thug Íosa: “Is ea, tá Éilias le teacht agus an uile ní a chur ina cheart arís. 12Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.” 13Thuig na deisceabail ansin gur chun Eoin Baiste a bhí sé ina chomhrá leo.
Ógánach an Titimis dá Leigheas
14Ar fhilleadh chun an tslua dóibh, tháinig fear ina araicis, chuaigh ar a dhá ghlúin 15agus dúirt: “A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin; 16agus thugas chun do chuid deisceabal é ach ní fhéadfaidís é a leigheas.” 17Dʼfhreagair Íosa agus dúirt: “Ó, a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.” 18Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t-ógánach leigheasta ón noiméad sin. 19Ina dhiaidh sin tháinig na deisceabail ag caint le hÍosa os íseal: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é a chaitheamh amach?” 20Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh. (21An sórt seo, áfach, ní théann sé amach ach amháin trí ghuí agus trí throscadh.)”
Páis agus Aiséirí: Tairngreacht Eile
22Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: “Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine, 23go gcuirfidh siad chun báis é agus go n-éireoidh sé an treas lá.” Agus ghabh buaireamh mór iad.
Cáin an Teampaill
24Ar theacht isteach i gCafarnáúm dóibh, tháinig lucht bailithe an dá dhrachma ag triall ar Pheadar agus dúirt siad leis: “Nach n-íocann bhur máistir an dá dhrachma?” ar siad. 25“Íocann,” ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de dá rá leis: “Do bharúilse, a Shíomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin–an óna gclann féin nó ó choimhthígh?” 26Nuair a dúirt sé gur ó choimhthígh, dúirt Íosa leis: “Dá réir sin, tá an chlann saor. 27Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.”

လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု

Matha 17: ABN2012

အေရာင္မွတ္ခ်က္

မၽွေဝရန္

ကူးယူ

None

မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ