YouVersion လိုဂို
ရွာရန္ အိုင္ကြန္

Matha 1

1
Íosa, Mac Dháiví …
1Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám. 2Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha; 3ghin Iúdá Peiris agus Zára ó Thámár; ghin Peiris Heasrón; ghin Hasrón Aram; 4ghin Aram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmónae; 5ghin Salmónae Bóaz ó Rácháb; ghin Bóaz Óbaed ó Rút; ghin Óbaed Ieise; 6ghin Ieise Dáiví rí.
Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úiríá; 7ghin Solamh Reachabám; ghin Reachabám Aibia; ghin Aibia Ásá; 8ghin Ásá Ióiseáfát; ghin Ióiseáfát Ióirím; ghin Ióirím Uizíá; 9ghin Uizíá Iótám; ghin Iótám Ácház; ghin Ácház Hiziciá; 10ghin Hiziciá Manaise; ghin Manaise Ámós; ghin Amós Ióisíá; 11ghin Ióisíá Iacóinia agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.
12Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iacóinia Séailtiéil; ghin Séailtiéil Zarabáibil; 13ghin Zarabáibil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór; 14ghin Azór Zádóc; ghin Zádóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd; 15ghin Eiliúd Eileázár; ghin Eileázár Matan; ghin Matan Iacób; 16ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.
17A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre ghlúin déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre ghlúin déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre ghlúin déag.
… a Gabhadh ón Spiorad Naomh, a Rugadh ó Mhuire Ógh
18Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le hIósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. 19Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. 20Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.
21Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” 22Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
23“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac
agus tabharfar Imeánúéil mar ainm air,”
– ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn. 24Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, agus rinne mar a dʼordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု

Matha 1: ABN2012

အေရာင္မွတ္ခ်က္

မၽွေဝရန္

ကူးယူ

None

မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ