Na Sailm 95

95
Salm 95.
Venite, exultemus.
1Téanam go gcanaimid don Tiarna: go líona cuṁaċt ár slánaiṫe ár gcroí dʼáṫas.
2Tagaimis ina láṫair le haltú: taispeánaḋ ár sailm ár lúċáir roiṁe.
3Óir is Dia mór an Tiarna: agus is Rí mór os cionn na ndéiṫe go léir é.
4Is ina láiṁ atá cuasa uile an talaiṁ: agus is leis mar an gcéanna cuṁaċt na gcnoc.
5Is leis an ṁuir, agus is é a rinne í: is iad a láṁa a ḋealḃaiġ an talaṁ.
6Téanam go n‑aḋraimid agus go n‑uṁlaímid: agus go ḃfeacaimid glún roiṁ an Tiarna a ċruṫaiġ sinn.
7Óir is é an Tiarna é, ár nDia féin: agus is é atá ionainn, pobal a ṗáirce, agus caoiriġ a láiṁe.
8Más inniu a éistfeas siḃ lena ġlór, ná cruaigí ḃur gcroí: mar ṫarla in am fadaiṫe na feirge, agus an lá a cuireaḋ an caṫú air san ḟásaċ.
9Nuair a ċuir ḃur sinsear caṫú orm: nuair a ḋearḃaíodar mé aʼs a ċonaiceadar mʼḟearta.
10Is ar feaḋ daiċead bliain ḃí mé do mo ċrá ag an nglúin seo: go dtí go ndúirt mé: Is ag an bpobal seo atá an croí claon, ó naċ eol dóiḃ mo ṡlite.
11Gur ṁionnaiġ mé dóiḃ im ḟearg: naċ ligfí iad isteaċ i mo ṡuaiṁneas‑sa.

നിലവിൽ തിരഞ്ഞെടുത്തിരിക്കുന്നു:

Na Sailm 95: OC1965G

ഹൈലൈറ്റ് ചെയ്യുക

പകർത്തുക

താരതമ്യം

പങ്ക് വെക്കു

None

നിങ്ങളുടെ എല്ലാ ഉപകരണങ്ങളിലും ഹൈലൈറ്റുകൾ സംരക്ഷിക്കാൻ ആഗ്രഹിക്കുന്നുണ്ടോ? സൈൻ അപ്പ് ചെയ്യുക അല്ലെങ്കിൽ സൈൻ ഇൻ ചെയ്യുക