성경 앱 로고
검색 아이콘

Na Sailm 97

97
Salm 97.
Dominus regnavit.
1Is é an Tiarna is Rí, cuireaḋ sin lúċáir ar an talaṁ: cuireaḋ sé go deiṁin lúċáir ar na hoileáin dá méid.
2Bíonn néalta agus dorċadas ina ṫimpeall: is ar an ḃfíréantaċt agus ar an gceart a ṡuítear a ċaṫaoir.
3Beiḋ tine ag imeaċt roiṁe: agus ag loscaḋ a naiṁde ar gaċ taoḃ.
4Ḋealraiġ a ṡoilse ar fuaid an tsaoil: ċonaic an doṁan é, agus ḃí eagla air.
5Ḃí na cnoic ag leá mar ċéir i láiṫreaċt Dé: i láiṫreaċt Tiarna an doṁain uile.
6Tá a ḟíréantaċt foilsiṫe ag na neaṁa: agus tá a ġlóir feicṫe ag na daoine go léir.
7Spréaḋ ar luċt aḋarṫa na n‑íoṁánna greanta uile, an dream a ċuireas dúil i ndéiṫe díoṁaoine: aḋraigí é, a ḋéiṫe uile.
8Ċuala Síón faoi, agus ḃí áṫas uirṫi, agus ḃí lúċáir ar iníonaċa lúda: de ḃrí do ḃreiṫiúnas, a Ṫiarna.
9Óir is tú, a Ṫiarna, is airde ná a ḃfuil ar an talaṁ: is airde i ḃfad tú ná na déiṫe go léir.
10A luċt gráite Dé, ná teipeaḋ fuaṫ a ḃeiṫ agaiḃ don olc: cuṁdaíonn an Tiarna anamaċa a naoṁ; fuasclóiḋ sé as láiṁ luċt an oilc iad.
11Noċt solas le haġaiḋ na ḃfíréan: agus lúċáir lán‑áṫasaċ do ḋrong an ċroí ḟír.
12Go mba é an Tiarna ḃur n‑áḃar áṫais, a ḟíréana: agus tugaigí buíoċas lena naofaċt a ċur i gcuiṁne.

선택된 구절:

Na Sailm 97: OC1965G

하이라이트

복사

비교

공유

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요