Na Sailm 14

14
Salm 14.
Dixit insipiens.
1Is é dúirt an t‑amadán ina ċroí: níl aon Dia ann.
2Tá siad truailliṫe, dʼéiriġ a ngníoṁarṫa gráiniúil: níl aon duine a ḋéanas an ṁaiṫ, níl fiú aon duine aṁáin.
3Dʼaṁarc an Tiarna anuas ó neaṁ ar ċlann Áḋaiṁ: go ḃfeicfeaḋ sé an mbeaḋ tuiscint ag aon duine, an iarrfaḋ sé Dia.
4Aċ ċuadar uile as an slí, dʼéiríodar gráiniúil ar fad: níl aon duine ann a ḋéanas an ṁaiṫ, níl fiú aon duine aṁáin.
5Naċ ḃfuil fios aon ní acu, a ḃfuil an droċḟuadar seo fúṫu: ag iṫe mo ṁuintire mar dʼíosfaidís arán, agus gan ġlaoċ ar an Tiarna?
6Ṫáinig mór‑eagla orṫu, agus gan áḃar eagla ann: óir bíonn Dia i measc aicme na ḃfíréan.
7Ċuaiġ siḃse ag magaḋ faoin gcoṁairle a ḃíos ag an mboċtán: de ḃrí go gcuireann sé a ṁuinín sa Tiarna.
8Is í mo ġuí go mbronntar an slánú ar Iosrael as Síón amaċ: nuair a ḟuasclaíos an Tiarna a ṁuintir as broid,
9Sin an uair a ndéanfaiḋ Iácób lúċáir: agus a mbeiḋ móráṫas ar Iosrael.

선택된 구절:

Na Sailm 14: OC1965G

하이라이트

복사

비교

공유

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요