성경 앱 로고
검색 아이콘

Na Sailm 113

113
Salm 113.
Laudate, pueri.
1Molaigí an Tiarna, a ṡeirḃísiġ: bíoḋ Ainm an Tiarna á ṁolaḋ agaiḃ.
2Beannaítear Ainm an Tiarna: feasta agus go bráċ.
3Bítear ag molaḋ Ainm an Tiarna: ó éirí go dul faoi na gréine.
4Is ard an Tiarna os cionn na náisiún uile: is ard a ġlóir os cionn na neaṁ.
5Cé is cosúil leis an Tiarna ár nDia, a ḃíos ina ċónaí in Airde: agus a ḃíos á ísliú féin le féaċaint ar a ḃfuil ar neaṁ agus ar talaṁ?
6Tógann sé an duine simptí as deannaċ an ḃóṫair: agus ardaíonn sé an boċtán as an lábán;
7Go gcuire sé i measc na bprionsaí é: ar ċoṁċéim le prionsaí a ṗobail.
8Tugann sé lán tí de ṁuirín don ḃean aimrid: go ndéanfaiḋ sé máṫair áṫasaċ áil di.

선택된 구절:

Na Sailm 113: OC1965G

하이라이트

복사

비교

공유

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요