Psalm 1

1
An cheud Tsailm.
1’S beannuidhe an fear, nach siubhluighionn fós
A ccómhárle na ndáoi,
A slighe fhiar na bpeacach mbáoith,
’Na sheasamh fós nach mbí;
A ccatháoir na ndáoineadh ttarcuisneach
Ni mian leis suidhe go bráth:
2Ta ’dhúil a ndlighthibh náomhtha Dé,
’Sda ccuimhneadh oidhche a’s la.
3Mar ghlas‐chrann aluinn biaidh se
Chois aimhne fás ata,
Bheir se ann aimsir toradh trom,
’Sni chrionfuidh fós a bhlath.
Thig biseach air gach nidh da ndéan:
4Ní é sin do dháoinibh dháoi;
Is cosmuil iad le lóchán mion
Da fhuadach leis a ngáoith.
5Air an adhbhar soin, ni sheasfuid suas
Na haingidhe annsa mbreith,
Na peacuidhe ann a ccoimhtionol,
Na fíréunuibh fa leith.
6Oir, is fios do Dhia slighe ro ghlan
Na bhfíréunach air fad;
Acht slighe na bpeacach fhiar‐cham chláon,
Sior‐miltear iad go grad.

선택된 구절:

Psalm 1: PSA1836

하이라이트

공유

복사

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요

YouVersion은 여러분의 경험을 개인화하기 위해 쿠키를 사용합니다. 저희 웹사이트를 사용함으로써 여러분은 저희의 개인 정보 보호 정책에 설명된 쿠키 사용에 동의하게 됩니다