Salm 13

13
Impí chun Dé le linn Trioblóide
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.
2 Cá fhad, a Thiarna, a fhágfaidh tú i ndíchuimhne mé?
Cá fhad a choinneoidh tú dʼaghaidh i bhfolach orm?
3 Cá fhad a mhairfidh mʼanam dá bhuaireamh
agus cathú i mo chroí i gcaitheamh an lae?
Cá fhad a choimeádfaidh mo namhaid faoina réir mé?
4 Féach orm agus freagair mé a Thiarna, a Dhia liom.
Soilsigh mo shúile sula dtitfidh codladh an bháis orm,
5 sula ndéarfaidh mo namhaid go bhfuair sé an bua orm,
sula ndéanfaidh mʼeascairde lúcháir toisc gur thit mé.
6 Chuir mise mo dhóchas i do bhuan-ghrá daingean,
beidh áthas ar mo chroí de bharr do shlánaithe,
6 agus molfaidh mé an Tiarna, mar go raibh sé fial liom.

선택된 구절:

Salm 13: ABN2012

하이라이트

복사

비교

공유

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요