Nahum 3

3
Caibidil III.
Peacaḋ agus pionus Nineḃeh.
1Aṁairg don ċaṫruiġ ḟuiltiġ! atá sí uile lán do ḃréagaiḃ agus do ṡladṁóireaċt; ní scuirionn an tinċreaċaḋ;
2Torann scíursa, agus fúaim ṫormain na roṫaḋ, agus iomrúagaḋ na neaċ, agus na ccarbad ttuslógaċ.
3Tógḃuiḋ an marcaċ súas aráon an cloiḋeaṁ loinnreaċ agus an gaṫ tonnaċ, agus atá iomad do ḋaóiniḃ marḃa, agus úiḃir ṁór ċorp; agus ní ḃfuil críoċ air a ttaisiġiḃ; tuislíġid air a ccorpuiḃ:
4Do ḃríġ iomuid stríopaċuis na meirdriġ sciaṁuiġ, ṁaiġistréas na bpiséog, reacus cineaḋaċa tre na stríopaċasuiḃ, agus muinnteara tré na piséogaiḃ.
5Féuċ, atáim ad aġaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ; agus léigfiḋ mé do sciortaḋa leis as coinne haiġṫe, agus táisbeanfa mé do ṫruáilleaḋ do na críoċaiḃ, agus do náire do na rioġaċtaiḃ.
6Agus teilgfiḋ mé salċar aḋḟuaṫṁar ort, agus do ḋéana mé beagluáiġ ṫú, agus suiḋeoċa mé ṫú aṁuil baldluṫḟeaċuin.
7Agus tiucfuiḋ a ccríċ, an ṁéid ḟéuċfas oit go tteiṫfid síad roṁad, agus go naibeoruid, Do leagaḋ Nineḃeh na fásaċ: cía ċaóinfios í? cía as a níarrfa misi coḃarṫuiġ ḋuit?
8An féarr ṫusa ná Nó daoineaċ, noċ do suiġeaḋ a measg na sroṫann, agá raiḃ na huisceaḋa na timċioll fa ccuáirt, ar ḃí a nfairge a coṫuġaḋ, agus do ḃí a balla ón ḃfairge?
9Buḋ í a neartsin a Netíopia agus a Négipt, agus do buḋ neaṁċuimseaċ sin; buḋ íad do ċoḃarṫaiġ Put agus Lubim.
10Ṫairis so rugaḋ ar siuḃal í, do ċuáiḋ sí a mbraiġdionas: do rinneaḋ fós sligreaċ da cloinn óig a mullaċ na sráideann uile: agus do ṫeilgiodar cranċar air a daóiniḃ onóraċa, agus do ceanglaḋ a daoine móra uile a ngéiḃionuiḃ.
11Biaiḋ tusa fós ar meisce: foileoċṫar ṫú, íarrfa tú mar an ccéadna neart do ḃríġ na náṁad.
12 Biáiḋ huile ḋaingneaċa láidre aṁuil crainn fíge leis na céidḟígiḃ abuiḋ: má croiṫṫear íad, tuitid síad eaḋon a mbéul an té iṫeas.
13Féuċ, is mná do ḋaóine ann do lár: oisceoltar súas geataḋa do ṫíre dod naiṁdiḃ: sluigfiḋ an teine do ḃarraḋa.
14Tarruing na huisceaḋa ċum an ċampa, neartuiġ do ḋaingne láidre: éiriġ annsa ċriáiḋ, agus saltair an mortéul, déana áit mbriceaḋ láidir.
15Annsin sluigfiḋ an teine ṫú; géarrfuiḋ an cloiḋeaṁ amaċ ṫú, íosuiḋ sé súas ṫú mar an ṗéist ċancair: déana ḋuit féin mórán mar an ṗéist ċancair, déana ḋuit mórán mar na lócustaiḃ.
16Dfoirlion tú do ċannuiġṫe ós cionn réaltann neiṁe: milliḋ an ṗéist ċancair, agus teiṫiġ sí roimpe.
17 Atáid do ċoróntaiġ mar na lócuiste, agus do ċaiptiniġe mar na dreóllánuiḃ teasḃuiḋ móra, noċ ċoṁnuiġios annsna faltáiḃ annsa lá ḟúar; aċt an tan éirġios an ġrían teiṫid síad rompa, agus ní haiṫniġṫear a naít a mbíd.
18Néullfartaiġid háoḋaireaḋa, a ríġ na Hassíria: béid húaisle na ttoċd: do scabaḋ do ḋaóine air na sléiḃtiḃ, agus ní ċruinniġionn duine ar bioṫ íad.
19 Ní ḃfuil leiġios ar do lot; is niṁneaċ do ċneaḋ: buáilfiḋ gaċ uile ḋuine ċluinfios do ṫásg a mbasa ós do ċionn: óir cía air nar ṡiuḃuil holc do ġnáṫ?

Valgt i Øjeblikket:

Nahum 3: BedellG

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind