Micah 7
7
Caibidil VII.
Is coṁṫruailliġ sin anois staid na ndaoine, naċ ḃfuil dearḃċaraid ar biṫ ion‐táoḃaḋ ris, aċ Día an Tiġearna.
1Mo ṫruáiġe misi! óir atáim aṁail an tan do ċruinniġeadar na tórṫa saṁruiġ, mar ḋioġluim cáor aimsire cnúasuiġ na ttarpán: ní ḃfuil tarpán air bioṫ ré iṫe: atá manam ag íarruiġ an ċéadṫoruiġ abuiḋ.
2Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon.
3¶ Ċor go ndéanuid olc leis an dá láiṁ go diṫċiollaċ, íarruiḋ an prionnsa agus an breiṫioṁ tioḋlacaḋ; agus foillsiġiḋ an duine mór a ṫoil urċóideaċ: marsin fillid súas é.
4 Atá an té is féarr aca mar ḋreis: is géire an té is fíréunta ná fálḋos: atá lá ṫfear faire agus do ċúarta ag teaċt; anois ḃías a mbuaiḋreaḋ.
5¶ Ná dóṫċusaiġ a ccaruid, ná cuiriḋ dóṫċus a néoluiḋe: coiṁéad doirsi do ḃeil ón ṁnaói luiġios ann huċt.
6Oír easónoruiġ an mac an taṫair: éirġiḋ a ninġean súas a naġaiḋ a maṫar, bean an ṁic a naġaiḋ a bainċleaṁna; agus a síad naiṁde duine luċt a ṫiġe féin.
7Uimesin féuċfa misi ċum an TIĠEARNA; feiṫṁiḋ mé air Ḋía mo ṡlánuiġṫe: cluinfiḋ mo Ḋía mé.
8¶ Ná gáirdiġ am aġaiḋ, ó mo náṁuid: a nuáir ṫuitfios mé, éireoċa me; an tan ṡuiġfios mé a ndorċadus, biáiḋ an TIĠEARNA na ṡolus daṁ.
9Iomċoruiḋ mé díḃḟearg an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṗeacaiḋ mé na aġaiḋ, nó go ttagra sé mo ċúis, agus go mbéara breaṫ ar mo ṡon: do ḃéara sé amaċ ċum an tsoluis mé, agus do ċífiḋ mé a ḋioġrus.
10Annsin do ċífiḋ an ḃean is náṁa ḋaṁ é, agus foileoċuiḋ náire ise, noċ a duḃairt riom, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA do Ḋía? do ċífid mo ṡúile í: anois sailteorṫar síos í mar laiṫiġ na sráideann.
11Annsa lo a mbéid do ḃallaḋa dá ccur súas, annsa ló sin áṫroċṫar go fada an tórduġaḋ.
12Annsa lósin fós tiucfa sé ort ón Nassíria, agus ó na caiṫreaċaiḃ daingne, agus ón ċaisléan gus a naḃuinn, agus ó ḟairge go fairge, agus ó ṡlíaḃ go slíaḃ.
13Ṫairis sin biáiḋ an talaṁ na ḟásaċ do ḃríġ na muinutire áitreaḃus innte, arson ṫoruiḋ a ngníoṁ.
14¶ Beaṫuiġ do ṁuinntir le do ṡlait, tréud hoiġreaċta, noċ ċoṁnuiġios go háonránaċ annsa ċoill, a lár Ċarmel: bíaṫaidís ann Básan agus an Gilead, mar annsna laéṫiḃ a nallod.
15¶ Do réir na laéṫeaḋ a ttáinic tú amaċ as críċ na Hégipte ṫaisbeanfas misi neiṫe iongantaċa ḋó.
16Do ċífid na cineaḋaċa agus béid claóiḋte tar a nuile neart: cuirfid a láṁ air a mbéul, béid a cclúasa boḋar.
17Liġfid an luáiṫreaḋ aṁuil naiṫir niṁe, corroċuid amaċ as a bpolluiḃ aṁuil péiste na talṁan: biáiḋ eagla an TIĠEARNA ar Ndía orra, agus biáiḋ eagla orra air do ṡonsa.
18¶ Cía an Día atá cosṁuil riotsa, ṁaiṫeas éigceart, agus léigios ṫairis sáruġaḋ íarsma a oiġreaċda? ná ċongṁann sé a ḟearg ċoiḋċe, do ḃríġ go ndúiliġionn sé a ttrócaire.
19Fillfiḋ sé a rís, biáiḋ truáiġe aige ḋúinn; cláoiḋfiḋ sé ar neigceart; agus teilgfiḋ tú a ccionta uile a nduḃaigéan na fairge.
20Coiṁeoluiḋ tú a nfírinne do Iácob, agus an trócaire do Abraham, noċ do ṁionnuiġ tú dar naiṫriḃ ó na laéṫiḃ a nallód.
Valgt i Øjeblikket:
Micah 7: BedellG
Markering
Kopiér
Sammenlign
Del
Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: