Micah 4
4
Caibidil IV.
Onoir, siṫċáin, agus buaiḋ na heagluise ó Ċriosd.
1Aċt annsna laéṫiḃ deiġeanaċa tiucfa a ccríċ, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaċ na slíaḃ, agus áirdeoċṫar é ós cionn na ccnoc; agus líonfuid daóine ċuige.
2Agus tincfuid mórán cineaḋaċ, agus a déaruid síad, Tigiḋ, déanam súas go slíaḃ an TIĠEARNA, agus go tiġ Dé Iácob; agus muinfiḋ sé a ṡliġṫe ḋúinn, agus siuḃolum iona ċasánuiḃ: óir raċuiḋ an dliġeaḋ amaċ as Sion, agus briaṫar an TIĠEARNA ó Ierusalem.
3¶ Agus béaruiḋ sé breiṫeaṁnus a measg ṁóráin daóine, agus iomaiṫḃirfiḋ sé cineaḋaċa neartṁara a ḃfad naṫa; agus buáilfid a ccloiḋṁṫe a niarrnaċ leisríġ, agus a ngaéṫe a gcorránuiḃ cnuaiscṫe: ní ṫóigfe cineaḋ cloiḋeaṁ a naġaiḋ ciniḋ, ní mó ḟoġlomfuid cogaḋ ní is mó.
4Aċt suiġfiḋ gaċ uile ḋuine fáoi na ḟíneaṁuin agus fáoi na ċrann fíge féin; agus ní ċuirfe duine ar bioṫ eagla orra: óir isé béul TIĠEARNA na sloġ duḃairt é.
5Oír siuḃoluiḋ a nuile ṗobal gaċ uile ḋuine ḋíoḃ a nainm a ḋé, agus siuḃoluimne a nainm an TIĠEARNA ar Ndía go sáoġal na sáoġal.
6¶ Annsa lósin, a deir an TIĠEARNA, cruineoċa mé an ḃean atá bacaċ, agus cruinneoċa mé an ḃean do díbreaḋ ainaċ, agus isi do ġortuiġ mé;
7Agus do ḋéana mé íarsma don ṁnaói do ḃí bacaċ, agus cineaḋ láidir ḋise do teilgeaḋ a ḃfad: agus ríaġloċṫaiġ an TIĠEARNA ós a ccionn a ṡaḃ Sion ó so amaċ go bráċ, agus ċoiḋċe.
8Agus ċugadsa, a ṫuir an tréada, caisléan daingion inġine Sion, ṫiucfas an céidṫiġearnus; tiucfaiḋ an rioġaċd ċum inġine Ierusalem.
9Anois cred fá néiġion tú go hárd? an ḃfuil ríġ ar bioṫ ionnad? ar imṫiġ do ċoṁairleaċ seaċad? óir do ġaḃadar doiġṫe ṫú aṁuil bean re nioḋnuiḃ.
10Bíḋ a mbruid, agus sáoṫruiġ breiṫ, a inġean Sion, cosṁuil re muáoi re níoḋnuiḃ: óir a nois raċaiḋ tú amaċ as an ccaṫruiġ, agus coiṁueoċa tú anusa ṁaċaire, agus raċa tú don Ḃabilóin; annsin sáorfuiġear ṫú; annsin ḟuáisceolus an TIĠEARNA ṫú ó láiṁ do náṁad.
11¶ Anois fós atáid mórán cineaḋaċ ar néirġe ad aġaiḋ, noċ a deir, Truáillṫear í, agus féuċaḋ ar súilne air Ṡion.
12Aċt ní feas dóiḃ smuáintiġṫe an TIĠEARNA, ní mó ṫuigid a ċoiṁairle: óir cruinneoċa sé íad mar na punnannaiḃ a steaċ ċum a nurláir.
13Eiriġ agus buáil, a inġean Ṡion: óir do ḋéana misi íarann dot aḋairc, agus do ḋéana mé hingne na bprás: agus buáilfiḋ tú na ccodċaiḃ mórán daóine: agus náoṁṫoċa misi a ttarḃa don TIĠEARNA, agus a ttaḋḃaċt do ṪIĠEARNA na talṁan uile.
Valgt i Øjeblikket:
Micah 4: BedellG
Markering
Kopiér
Sammenlign
Del
Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: