Micah 1
1
Caibidil I.
Is úaṫḃásaċ fearg Dé ḃí, anaġaiḋ aḋraḋ na ndée breige.
1Briaṫar an TIĠEARNA ṫáinic go Micah an Morastiteaċ a laéṫíḃ Iotam, Ahas, agus Heseciah, ríġṫe Iúdah, noċ do ċonnairc sé a ttaoḃ Ṡamária agus Ierusalem.
2¶ Eistiġ, a ṗobal uile; cluin, a ṫaluiṁ, a nuile ní dá ḃfuil ann: agus bíoḋ an Tiġearna DIA na ḟíaḋnuise ḃur naġaiḋsi, an Tiġearna ó na ṫeampall náoṁṫa.
3Oír, féuċ, tiucfuiḋ an TIĠEARNA as a áit, agus tiucfuiḋ a núas, agus sailteora sé air áitiḃ árda na talṁan.
4Agus leagfuiġear na sléiḃte faói, agus scoiltfiġear na gleanta, aṁuil céir as coinne na teineaḋ, agus aṁuil na huisgeaḋa dóirtior síos re fánuiġ.
5Ar son saruiġṫe Iácob atá so uile, agus ar son ṗeacaḋ ṫiġe Israel. Cred é sáruġaḋ Iácob? naċ í Samária? agus cred íad áite árda Iúdah? naċ í Ierusalem?
6Uimesin do ḋéana misi Samária mar ċárn don ṁaċaire, agus ṗlannduġaḋ fineaṁna: agus dóirtfiḋ mé a cloċa síos annsa ġleann agus léigfe mé a duṫraċ ris.
7Agus brisfiġear a híoṁáiġe greanta uile a mbloġuiḃ, agus loisgfiġear le teine a tuillṁiġ uile, agus leagfa mé a hioḋail uile áonránaċ: oir do ċruinniġ sí íad do ṫuilleaṁ meirdriġe, agus fillfid ċum tuillṁe meirdriġe.
8Uimesin caóiḋfiḋ mé agus núallfuiḋ mé, imeoċa mé tárnoċd agus lomnoċd: do ḋéana mé gearán mar na draguin, agus cúṁa mar na hulċaḃcanuiḃ.
9Oír is doileiġios a cneaḋ; óir ṫáinic sé go Iúdah; ṫáinic sé go géata mó ṗobail, eaḋon go Hierusalem.
10¶ Ná foillsiġ é ann Gát, ná guiliḋ ar áonċor: a ttiġ Aṗrah iompoiḋ ṫú féin annsa lúaiṫreaḋ.
11Imṫiġ roṁad, a áitreaḃṫaċ Saṗir, ar mbeiṫ dod náire leis: ní ṫáinic Saanan amaċ a ngolġáir Ḃet‐esel; glacfuiḋ sé a ṡeasaṁ uáiḃsi.
12Oír do ḟeiṫ áitreaḃṫaċ Márot go furaċair ar ṁaiṫ: aċt ṫáinic olc a núas ón TTIĠEARNA go geata Ierusalem.
13O ṫusa a ḋúṫċusaiġ Laċis, ceangail an carbad don ḃeaṫaċ lúaṫ: isí is tosaċ peacaiḋ dinġin Sion: óir do fríṫ sáruiġṫe Israel ionnadsa.
14Uimesin do ḃéara tú tioḋlaiceaḋa do Ṁor‐eset Ġát: biáiḋ tiġṫe Aċsib na mbréig do ríġṫiḃ Israel.
15Ṫairis sin do ḃéara mé oiġre ċugad, a áitreaḃṫaċ Maresah: tiucfuiḋ sé go Adullam glóir Israel.
16Déana máol ṫú, agus beárr ṫú féin air son do ċloinne breáġḋa; fairsingiḋ do ṁaóile mar a niolar; óir do ċúadar uáit a mbraiġdionas.
Valgt i Øjeblikket:
Micah 1: BedellG
Markering
Kopiér
Sammenlign
Del
Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.