Jonah 2

2
Caibidil II.
Urnaiġ Ionah as broinn a néisg, 10 agus a ṡáoraḋ.
1Annsin do ġuiḋ Iónah an TIĠEARNA a Ḋía as broinn a néisg,
2Agus a duḃairt, Déiġ mé do ḃríġ maindeise ċum an TIĠEARNA, agus do ċúaluiḋ sé mé; as broinn na hdáiġe déiġ mé, agus do ċúala tú mo ġuṫ.
3Oír do ṫeilg tú annsa naigéun mé, a lár na ḃfairgeaḋ; agus tangadar na tuilte am ṫimċioll: do ċúadar do ṫreaṫain agus do ṫonna ṫorum.
4Annsin a duḃaírt mé, Atáim teilgṫe as do raḋarcsa; giḋeaḋ féuċfaiḋ mé a rís leaṫ red ṫeampall náoṁṫa.
5Ṫangadar na huisceaḋa um ṫimċioll, eaḋon go nuige an tanam: do ḋruid an taigéan umam timċioll fa ccuáirt, do ċrap a nfeamnaċ timċioll mo ċinn.
6Do ċuáiḋ mé síos go híoċtar na sléiḃteaḋ; do ḃí an talaṁ go na ḃarraḋuiḃ am ṫimċioll go bráṫ: giḋeaḋ ṫug tusa manam súas ó ṫruailleaḋ, a ṪIĠEARNA mo Ḋía.
7An tan do anḃfainniġ manam ionnam a stiġ do ċuiṁniġ mé air an TTIĠEARNA: agus ṫáinic murnuiġ ċugad, a steaċ dot ṫeampall náoṁṫa.
8An drong ċoiṁéadas díoṁaóinis ḃréagaċa, tréigid síad a ttrócaire féin.
9Aċt íoḋboruiḋ misi ḋuitsi maille re guṫ ḃuiḋeaċuis; díolfa mé an ní noċ do ṁóidiġ mé. Is ón TTIĠEARNA atá slánuġaḋ.
10¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ris a níasg, agus do sceiṫ sé Iónah amaċ air an ttalaṁ ttirim.

Valgt i Øjeblikket:

Jonah 2: BedellG

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind