Ioel 2

2
Caibidil II.
Fuagra aiṫreaċuis, agus troisgiṫe oile, do ġaḃail roiṁ ḋioġaltais.
1Ṡeidiġ an stoc a Sion, agus fuáimniġ gáir ann mo ṡlíaḃ náoṁṫa: crioṫnuiġedís luċt áitreaḃṫa na tíre uile: óir tig lá an TIĠEARNA; óir atá sé a ḃfogus;
2Lá dorċaċta agus grúamaċda, lá néull agus dorċadais ṫiuġ, mar do leaṫnuiġ an ṁaidin air na sléiḃtiḃ: pobal mór láidir; naċ ḃfacus a leiṫéid, agus naċ biáiḋ ní sa ṁó na ḋiáiġ, eaḋon go blíaḋuin ṁóráin ginealaċ.
3Sluigiḋ teine rompa; agus na ndiáiġ loisgiḋ lasair: atá an tír aṁuil gáirdin Eden rompa, agus na fásaċ uaigneaċ na ndiaiġ; aseaḋ, ní reaċa aoinni as uáṫa.
4 Atáid a ttaisbéanta aṁuil taisbeanta eaċ; agus aṁuil marcṡluáġ, is mar sin rioṫfuid síad.
5Cosṁuil lé fuáim ċarbad ar ṁulluiġiḃ na slíaḃ lingfid síad, aṁuil toruinn lasraċ teineaḋ loisgios an connlaċ, aṁuil dáoine láidre a nórduġaḋ caṫa.
6As coinne a naiġṫe béid na daoine lán do ṗéin, cruinneoċuid na huile ġnúise duḃaċas.
7Rioṫfuid síad do nós daóine cumasaċ; do ḋéanaid dreapaireaċt an ḃalla aṁuil luċt cogaiḋ; agus raċaid ar a naġaiḋ gaċ áon iona sliġṫiḃ, agus ní ḃrisfid a nórduġaḋ:
8Ní mo ḃrúiġfios neaċ ar a ċéile; siuḃoluiḋ gaċ duine aca iona ċasan féin, agus an tan ṫuitfid air an ccloiḋeaṁ, ní loitfiġear íad.
9Rioṫfuid síad ċuige agus úaḋa annsa ċaṫruiġ; rioṫfuid air an mballa, do ḋéanuid dreapaireaċt súas air na tiġṫiḃ; raċid asteaċ ar na fuinneoga aṁuil ġaduiġ.
10Crioṫnoċuiḋ an talaṁ rompa; coiṁċreaṫfuid na neaṁa: biáiḋ an ġrían agus an ġealaċ dorċa, agus coinneoċuid na réulta air a ndéalraḋ:
11Agus laiḃeoruiḋ an TIĠEARNA a ġuṫ as coinne a ṡlúaġ: óir is ro ṁór a ḟoslongṗort: óir is láidir an ċríoċnuiġios a ḟocal: óir is mór lá an TIĠEARNA, agus ro úaṫḃásaċ; agus cía ḟéadas a ḟulang?
12¶ Uimesin fós anois, a deir an TIĠEARNA, Filliḋsi ċugamsa maille re ḃur nuile ċroiḋe, agus le trosgaḋ, agus lé gul, agus lé dóḃrón:
13Agus réabuiḋ ḃur ccroiḋṫe, agus narab íad ḃur néuduiġe, agus filliḋ ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía: óir atá sé grásaṁuil agus trócaireaċ, mall ċum feirge, agus lán do ċíneul, agus atá aiṫreaċus air um a nolc.
14Cía agá ḃfuil a ḟios ḟilleann sé agus má ní sé aiṫriġe, agus beannaċd dfágḃáil na ḋiáiġ; eaḋon ofráil ḃíḋ agus ofráil ḋíġe don TIĠEARNA ḃur Ndia?
15¶ Séidiġ an stoc a Sion, náoṁuiġ troscaḋ, goiriḋ coiṁṫionól sollamonta:
16Cruinniġiḋ an pobal, náoṁuiġ an coṁṫionnal, coṁġuiriḋ na sinsir, cruinniġiḋ an ċlann, agus an ṁéid iḃios an ċíoċ: éirġioḋ an fear núaḋṗósta amaċ as a ṡeomra, agus an ḃean núaḋṗósda amaċ as a cúil.
17Guiledís na sagairt, seirḃisiġ an TIĠEARNA, eidir an bpóirse agus a naltoir, agus abraidís, Coigil do ṗobal, a ṪIĠEARNA, agus ná taḃair hoiġreaċt ċum masla, iondus go riaġloċaidís na geinte ós a ccionn: cred as a naibeoraidís a measc an ṗobail, Cait a ḃfuil a Ndia?
18¶ Ann sin bíaiḋ an TIĠEARNA éadṁar ar son a ḋúiṫċe, agus do ḋéana sé truáiġe dá ṗobal.
19Fós, freagóruiḋ an TIĠEARNA agus déaruiḋ re na ṗobal, Féuċ, cuirfe mé arḃar, agus fíon, agus ola ċugaiḃ, agus beiṫí sáiṫeaċ leis: agus ní ḋéana mé masla ḋíḃ ní sa ṁó a measg na ngeinteaḋ:
20Aċt áṫroċa mé a ḃfad uaiḃ slúaġ an tuáisceirt, agus tairreonga mé é go tir ḟoluiṁ ḟásuiġ, gun a aġaiḋ leaṫ ris an ḃfairge ṡoir, agus a ċuid síar ḋe leaṫ ris an ḃfairge is faide amaċ, agus tiucfuiḋ a ḃréuntas súas, agus tiucfuiḋ a ḋroċḃolaḋ súas, do ḃríġ go ndéarnuiḋ sé neiṫe móra.
21¶ Ná heagluiḋ, a ṫír; bíṫí gáirdeaċ agus lúaṫġáiriġiḋ: óir do ḋéana an TIĠEARNA neiṫe móra.
22Ná bioḋ eagla oruiḃ, siḃsi a ḃeaṫuiġ an ṁaġa: óir atáid inḃeara a nfásuiġ ag fás, óir do ḃeir an crann a ṫoraḋ, do ḃeir an crann fíge agus a nfíneaṁuin a neart.
23Bíṫí meanmnaċ maseaḋ, a ċlann Sion, agus lúaṫġairiġiḋ annsa TIĠEARNA ḃur Ndía: óir ṫug sé an ċeidḟearṫuinn díḃ go measarḋa, agus do ḃeara sé air an ḃfearṫuinn teaċd a núas ċugaiḃ, an ċeidḟearṫuinn, agus a nfearṫuinn ḋeiġionaċ annsa ċéiḋṁí.
24Agus béid na hurláir lán do ċruiṫneaċt, agus raċuid na daḃċa ṫairis lé fion agus le hola.
25Agus aiseoga mé ḋíḃ na blíaḋna a duáiġ an lócust, an ṗéist ċancair, agus an caterpiler, agus an ṗéist palmer, mo ṡlúaġ mór noċ do ċuir mé ḃur measc.
26Agus íostaói go lór, agus beíṫí sáiṫeaċ, agus molfuiḋe ainm an TIĠEARNA ḃur Ndía, do roinn go hiongantaċ riḃ: agus ní náireoċṫar mo ṗobal ċoiḋċe.
27Agus aiṫeontaói go ḃfuilimsi a lár Israel, agus gur misi an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus naċ áon ar bioṫ oile: agus ní náireoċṫar mo ṗobalsa ċoiḋċe.
28¶ Agus tiucfa a ccríċ na ḋiáiġ sin, go ndóirtfiḋ mé mo spiorad air a nuile ḟeóil; agus go ttairrġirfid ḃur mic agus ḃur ninġeana, do ċífid ḃur seandaoine aislinge, do ċífid ḃur nóganuiġ taiḃriġṫe:
29Agus fós dóirtfiḋ mé amaċ ar na hóglaċuiḃ agus ar na ḃanóglaċaiḃ mo spiorad annsna láeṫiḃsin.
30Agus foillseoċa mé ionganta annsna neaṁuiḃ agus annsa talaṁ, fuil, agus teine, agus piléir deatuiġe.
31Fillfiġear an ġrían a ndorċadas, agus an ġealaċ a ḃfuil, rioṁe an lá mór agus úaṫḃásaċ an TIĠEARNA do ṫeaċt.
32Agus tiucfa a ccríċ, giḋ bé ar bioṫ ġoírfios air ainm an TIĠEARNA go sáorfuiġear é: óir a slíaḃ Sion agus ann Ierusalem biáiḋ sáoraḋ, mar a deir an TIĠEARNA, agus annsa ḃfuiġilleaċ noċ ġoirfios an TIĠEARNA.

Valgt i Øjeblikket:

Ioel 2: BedellG

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind