Hosea 8

8
Caibidil VIII.
Bagra arson ċráḃaiḋ eattrom, agus aneólas an dliġe.
1Cuir an stoc ċum dó ḃéil. Tiucfuiḋ sé aṁuil iolar a naġaiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṡáruiġeadar mo ċunnraḋ, agus gur ċiontuiġeadar a naġaiḋ mo ḋliġe.
2Goirfiḋ Israel ċugam, Mo Ḋía, aiṫniġmid ṫú.
3Do ṫeilg Israel uáḋ an ní is maiṫ: inġreamoċuiḋ an náṁuid eision.
4Do ċuireadar ríġṫe súas, aċt ní maille ríomsa: do rinneadar prionnsaḋa, agus ní raiḃ a ḟios agamsa: do rinneadar ioḋal dóiḃ féin dá nairgiod agus dá nór, ċor go ngeárrfuiḋe amaċ íad.
5Do ṫeilg do láoġ úaḋ ṫusa, a Ṡamária; atá mfearg ar lasaḋ na naġaiḋ: gá fad ḃías suil roiṫeoċuid go neiṁċiontaċus?
6Oír is ó Israel do ḃí mar an cceadna: do rinne an fear oibre é; uimesin ní Día é: aċt brisfiġear láoġ Ṡamária a mbloḋuiḃ.
7Oír do ṡíoladar an ġáoṫ, agus beanfúid an ġáoṫ ġuáirdeain: ní ḃiáiḋ connlaċ aige: ní ṫiuḃra an coinlín min uaḋa: má ḃeir, isé an coiṁṫiġeaċ ṡluigfios súas í.
8Do sluigeaḋ Israel súas: anois béid siad a measg na Ngeinteaḋ mar ṡoiġṫeaċ gan dúil ar bioṫ ann.
9Oír do ċúadar súas do Nassíria, assal fíaḋta na áonar leis féin: dfostoiġ Eṗraim áosgráḋ.
10A seaḋ, bíoḋ gur ḟostadar a measc na ccineaḋaċ, a nois cruinneoċa misi íad, agus do ḋéanuid beagán doilġis ar son úaluiġ ríġ na bprionnsaḋ.
11Do ḃríġ go ndeárna Eṗraim mórán altóraċ do ṗeacuġaḋ, béid altora aige ċum peacaiḋ.
12Do scrioḃ misi ċuige neiṫe móra mo ḋliġe, aċt do measaḋ mar ní coiṁṫiġeaċ íad.
13Ofráluid síad feóil ar son íoḋḃarṫaċ mofrálaċsa, agus iṫid í; aċt ní ġlacann an TIĠEARNA íad; anois cuiṁneoċa sé a néigceart, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacaḋ: fillfid síad don Négipt.
14Oir do ḋearmuid Israel a Ċruṫaiġṫeóir, agus cuiriḋ sé teampuill súas; agus dfoirlíon Iúdah caiṫreaċa dáingne: aċt cuirfiḋ misi teine air a ċaiṫreaċaiḃ, agus loisgfe sí a bpáláis sin.

Valgt i Øjeblikket:

Hosea 8: BedellG

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind