Hosea 13
13
Caibidil XIII.
Onóir, gráineaṁlaċda, agus pionus doirḃ Israel.
1An tan do laḃair Eṗraim, ar crioṫ, dárduiġ sé é féin a Nisrael; aċt an tan do ṗeacuiḋ sé a Mbaal, fuáir sé bás.
2Agus anois peacuiġid síad ní is mó agus ní is mó, agus do rinneadar ioṁáiġe leaġṫa dá nairgiod, agus ioḋail do réir a ttuicsiona féin, íad uile oibreaċa na ḃfear ceirde: a deirid dá ttáoḃsan, Na daóine ioḋbras pógaidís na laóiġ.
3Uimesin béid síad aṁuil néull maidne, agus aṁuil an moċḋrúċt noċ imṫiġios seaċad, mar au ccáiṫ díbearṫar leis an ngaóiṫ ġuáirdeáin as a nurlár, agus aṁuil an deataċ as an tsimné.
4¶ Ṫairis sin is misi an TIĠEARNA do Ḋía ó ċríċ na Hégipte, agus ní ḃiáiḋ fios día ar biṫ agad aċt misi: óir ni ḃfuil slanaiġṫeoir táoḃ amuiġ ḋíomsa.
5Dob aiṫne ḋaṁ ṫú annsa ḃfásaċ, a ndúṫaiġ an tarta ṁóir.
6Do réir a ninḃir, is marsin do líonaḋ íad; do líonaḋ íad, agus do ḃí a ccroiḋe air na árduġaḋ; uimesin do ḋearmadar misi.
7Uimesin biáiḋ misi ḋóiḃsion aṁuil leoṁan: mar liopard annsa tsliġe ḃéara mé dom aire íad.
8Teigeoṁa mé ríu aṁuil beiṫir dá mbeantar a cuiléin, agus brisfe mé scairt a ccroiḋe, agus annsin sluigfiḋ mé íad aṁuil leoṁan: réubfuiḋ an beaṫaċ álta íad.
9¶ O a Israel, uáid féin atá do scrios, aċt is ionnamsa atá do ċaḃair.
10Biáiḋ misi am ríġ agad: cáit a ḃfuil duine ar bioṫ oile ḟéadas do ṡáḃáil ann do ċaiṫreaċaiḃ uile? agus do ḃreiṫeaṁuin do ṫáoiḃ a ndúḃairt tu, Taḃair ḋaṁsa ríġ agus prionnsaḋa?
11Ṫug mé ríġ ḋuit ann mfeirg, agus rug mé liom é ann mo ḋíḃḟeirg.
12 Atá éigceart Eṗraim ceangailte súas; do folċaḋ a ṗeacaḋ.
13Tiucfuid dóilġiosa mná re nioḋnuiḃ air: is mac éigcrionna é; óir níor ċóir ḋó seasaṁ a ḃfad a náit ḃriste amaċ na cloinne.
14Fuáisceola mé íad ó ċuṁaċdaiḃ na huáiġe; fuáisceola mé íad ón mbás: Oh a ḃáis, biáiḋ misi am ṗláiġ ḋuit; Oh a uáiġ, biáiḋ mé am scrios duit: foileoċṫar aiṫreaċus óm ṡúiliḃ.
15¶ Má tá go ḃfuil sé tarḃaċ a measg a ḋearḃráiṫreaċ, tiucfa gáoṫ a noir, tiucfa gáoṫ an TIĠEARNA súas ón ḃfásaċ, agus tiormoċuiḋ sí a ṫobar, agus tiormoċṫar súas a ṫiubruid: millfe sé ionnṁus gaċ uile ṡoiṫeaċ taitneaṁaċ.
16Biáiḋ Samária áonránaċ; óir do rinne sí cogaḋ a naġaiḋ a Dé: tuítfid síad ris an ccloiḋeaṁ: réubfar a naóiḋin na mbloḋuiḃ, agus sgoiltfiġṫear a mná torrċa.
Valgt i Øjeblikket:
Hosea 13: BedellG
Markering
Kopiér
Sammenlign
Del
Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.