Briaṫra Amos, do ḃí a measc áoḋaireaḋ Ṫecoa, noċ do ċonnairc sé a ttáoḃ Israel a laéṫiḃ Ussiah ríġ Iúdah, agus a laéṫiḃ Ieroboam ṁic Ioas ríġ Israel, ḋá ḃlíaḋuin rioṁe an ccríoṫ talṁan.
Agus a dúḃairt sé, Núallfuiḋ an TIĠEARNA ó Ṡion, agus foillseoċaiḋ sé a ġúṫ ó Ierusalem; agus guilfid áitreaḃa na náoḋaireaḋ, agus críonfuiḋ mullaċ Ċarmel.