Geinis 35
35
Iacob na h-íodhail. Aithne ó Dhia dhó dhul go dtí Béthel—altóir a thógail ann. Ennuigheann Dia é, agus bhearann “Israel” mar ainm air in-ionad ‘Iacob’ Bás Rachel bás Isaaic.
1Eadar amanna dubhairt Dia le Iacob: “Eirigh, agus téigh suas go dtí Bethel, agus dean cómhnaidhe annsin, agus tóg altóir do Dhia ann, an Dia a thaisbeáin é féin duit 's tú ar do théicheadh ó do dh'reathair Ésau.”
2Agus ghlaoidh Iacob ar a theaghlach uilig, 's dubhairt: “Caithigidh uaibh na déithe bréagacha atá agaibh, agus glantar shibh, agus cuirigidh malairt éadaigh oraibh féin, 3eirigidh, agus téighimís suas go Bethel. Chun go dtógfamuid altóir do Dhia annsin; Dia a d'óist le mo ghuidhe in-am mo bhuadhartha, agus a thionnlaic mé ar m'aisdir.” 4Mar sin, thug siad dó na déithe bréagacha uile a bhí aca, agus na cluas-fháinní a bhí in a gcluasaibh aca: agus chuir seisean ins an talamh iad faoi an chrann tuirpitín, atá ar cúl na cathrach (sin) Sichem.
5Agus tráth bhí siad imthighthe as, thuit fearg Dé ar na cathrach uilig-go-léir thart timcheall, agus ní rabh siad ábalta an tóir a chur ortha le linn imtheachta dóbhtha. 6Agus tháinig Iacob go dtí Lúta, aá i gcríoch Chanaáin, a dtugtar ‘Bethel’ air, é féin agus gach duine d'á chuideachta. 7Agus thóg sé altóir annsin, agus thug ‘Toigh Dé’ mar ainm do'n áit, de bhrígh gurbh annsin a thaiseáin Dia é féin dó, an t-am bhí sé ar a théicheadh ó n-a dh'reathair. 8Ag an am chéadna sin d'éag Debóra, banaltra Rebecca, agus h-adhlacadh í taob le Bethel, faoi chrann dara, agus tugadh mar ainm ar an áit sin ‘Dair na Caointe’.
9Agus thaisbeáin Dia é féin arís do Iacob, indéidh pilleadh dó-san as Mesapotámia i Siria, agus bheannuigh sé é. 10A rádh: “Ní ‘Iacob’ d'ainm feasta, acht ‘Israel’ bhus ainm duit.” Agus thug sé Israel air. 11Agus dubhairt leis: “Is mise Dia uile-chumhachtach. Síolruigh-se agus bí líonmhar. Tiocfaidh náisiuin agus cineacha náisiun asat, agus beirfear righte amach as do leasracha. 12Agus an tír a thug mé d'Ábraham agus d'Isaac, bhearfaidh mé duit-se í, agus do do shliocht in do dhiaidh.” 13Agus d'imthigh sé uaidh.
14Thóg sé leacht cloiche san áit ar labhair Dia leis, a' dóirtiú díghe-íodhbairt (ofráil) air, agus dhóirt sé ola air. 15Agus thug Bethel mar ainm ar an áit.
16Agus ag fágáil na h-áite sin 'n-a dhiaidh tháinig sé, le h-amsir an Earraigh, chun na dúithche atá ar an bhealach go dtí Ephráta, an áit ar thárla do Rachél bheith n-a luighe-sheo[] uair. 17An uair bhí sí i mbaoghal báis ag an tinneas cloinne (breithe), agus gur dhubhairt an bhean chabhrach léithe: “Ná bíodh eagla ort, béidh an mac seo agat freisin.” 18Agus nuair a bhí a h-anam a' scarú le n-a corp, i bpéin, agus an bás aicí, thug sí an t-ainm Benomí ar a mac, .i. ‘mac mo phéine’, acht thug a athair Benjamin air .i. Mac na láimhe deise. 19Agus fuair Rachél bás, agus h-adhlacadh í san tSlighe mhóir a théigheanns go dtí Ephráta, is é seo Bethlehem. 20Agus thóg Iacob pillar os cionn na h-uaighe Is é seo pillar leacht-chuimhne do Rachél, go dtí an lá indiu.
21D'imthigh sé as sin, agus rinne a longphort taobh thall de Thúr na Scuain. 22Agus le linn dó bhéith 'n-a chómhnaidhe san dúithche sin, chuaidh Rúben agus luigh sé (codail sé) le Bala .i. leannán a athar (féan), gníomh nach rabh sé gan eolas air.
Anois, b'é méad chlann-mhac Iacoib—Dhá-fhear-déag. 23Clann-mhac Lia: Ruben, an chead-mhac, agus Simeon, agus Leví, agus Iuda, agus Issachar, agus Zabulon. 24Clann-mhac Rachel: Seosamh agus Benjamín. 25Clann-mhac Bala, bean freasdala Rachel: Dan agus Nephtalí. 26Clann-mhac Zhelpha, bean freasdala Lia: Gad agus Aser: ias seo mic Iacoib, a rugadh dó i Mesapotamia i Siria.
27Agus tháinig sé go dtí Isaac, a athair, i Mámbre, cathair Arboí, seo Hebron, in ar chomhnuigh Ábraham agus Isaac, (uair). 28Agus b'é fad shaoghail (laethe) Isaaic—céad agus ochtmha blian. 29Agus ó bhí sé críon caithte, fuair sé bás, agus tugadh (bailigheadh) chun a mhuintir féin é, in a shean-aois cheart, agus lan-tsásta: agus d'adhlaic a bheirt mhac, Ésau agus Iacob é.
Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:
Geinis 35: ABNPOD
Ìsàmì-sí
Pín
Daako
Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀
Peadar Ó Dubhda 1943.

: