Geinis 34
34
Truaillighthear Dína, agus scriostar na Sichemítígh mar gheall uirthí.
1Agus d'imthigh Dína amach (nínghean Lia), ar cuairt ag mná na críche sin. 2Agus nuair chonnaic Sichem mac Hemoir an Hevíteach, prinnsa na críche sin, í, thuit sé i ngrádh léithe, agus d'fhuadaigh sé leis í, agus luigh sé léithe, ag truailliú na maighdine. 3Agus bhí a anam dlúth-cheangailte inntí; agus má bhí bhise buadhartha brónach thug seisean sólás le blándar dí. 4Agus chuaidh sé chuige Hémor, a h-athair, agus ars é: “Faigh dom an tsliseóg so le pósadh.”
5Acht nuair a chualaidh Iacob é seo, le linn a chlann-mhac bheith as láthair ag tabhairt aire do na ba, níor fhoscail sé a bhéal no go dtáinig siad-san ar ais. 6Agus nuair tháinig Hémor, athair Shicheim, amach chun cainnte le Iacob, 7Féach, gur sin an t-am phill na h-óganaigh ó'n mhachaire, agus ar chlos dóibh fa'n rud a thárluigh, bhí siad ar dearg-bhuile, a léithid de ghíomh mío-náireach bheith deanta aige i nIsrael—gníomh neimh-dleathach, níngheann Iacoib a leagú.
8Agus labhair Hemor leo: “Té dúil chroidhe (anma) ag mo mhac i do nínghin. Tabhair dó mar mhnaoi í, 9agus deanamaois cleamhnasaí le n-a chéile. Tabhairigidh dúinne bhur gcuid nínghean, agus glacaigidh sibh-se nínghneacha 's againne. 10Agus cómhnuighidh (annseo) linn: sin agaibh an talamh, saothruigodh é, deanaigidh tráchtáil agus bíodh sé agaibh (seilbhigidh é.).” 11Labhair Sichem fósta le athair an chailín, agu[s] le n-a d'reathracha: “Faighim geanamhlacht in bhur radharc; agus cibé rud iarrann sid bhearfaidh mise é. 12Ainmnigidh an spré, iarraigidh bronntasaí. Agus bhearfaidh mé go toiltineach 'a n-iarrann sid orm, acht sibh-se an tsliseóg seo a thabhairt mar mhnaoi dom.” 13Thug Iacob agus a chuid mac freagra ca[m] do Shichem 's d'á athair, mar bhí siad ar an daoraidh fa thuitim (dío-bhláthú) a ndeirbhshiuira[] 14“Ní thig linn gach a n-iarrann tú a thabhairt [duibh] ná ár ndeirbhsiuir a thabhairt d'aon fhear nach bhfuil timcheall-ghearrtha, rud atá neimh-dleatha[c] againne, agus rud déistineach [da manta]. 15Acht seo mor thig linn bheith muinnteardha leat: má timcheall-ghearrthar thú féin agus gach uile firinn atá oraibh, agus 'bheith cosamhail linne. 16Annsin béidhmid toilteanach malairt a dheanamh ar nínghneacha-a-chéile, agus dheanfamuid cómhnoidhe libh, agus béidhmid mar aon chine amháin. 17Acht mura bhfuil tú sásta timcheall-ghearradh a dheanamh ort féin, beirfimid ár nínghean linn agus imtheóchamuid.”
18Thaitin a dtairgsint le Hémor agus le n-a mhac Sichem. 19Agus ní dhearn an t-óganach aon mhoill, acht rinne an rud a h-iarradh air, óir bhí sé bun-os-cionn i ngrádh leis an chailín, agus b'é an fear a b'fhearr ar theaglach uile a athar é.
20Agus le linn dhul isteach ar gheata na cathrach dóbhtha labhair siad leis na daoiní: 21“Daoiní modhmhala síothchanta na fir seo, agus tá siad toilteanach cómhnaidhe linn: deanaidís tráchtáil san chríoch seo agus saothruighidís an talamh ann, óir té sin móir fairsing, agus tá féidhm ar a thuille fear le é 'shaothrú: glacfamuid a gcuid-se nínghean agus bhearfamuid ár níngheacha dóbhtha-san. 22Tá rud amhán, amhthach, caithfear a dheanamh ar dtús, roimh an deag-ghnó so: caithfear gach firinn d'ár ndaoiní a thimcheall-ghearrú, d'réir nós an chineadh (náisiuin). 23Agus beidh sin againne a gcuid maoine, agus áirnéise, agus gach a bhfuil aca; ar an gcoinneal so amháin géillimís dóibh, agus má ghnímid cómhnaidhe le chéile béidhmid mar an aon phobal amháin.” 24Agus bhíodar uilig sásta, agus rinne timcheall-ghearradh ar gach duine firinne.
25Acht féach, ar an treas lá, an t-am ba mhó bhí pian an ghearrtha ortha, thóg beirt mhac de chuid Iacoib—Símeon agus Levi—a gclaidhmhthe, agus chuadar isteach go dána san chathair, agus do mharbh siad gach fear ann. 26Agus mharbh siad Hémor agus Sichem chomh maith, agus rug leo a ndeirbhsiuir, Dína, amach as teach Shicheim. 27Agus nuai d'imithigh siad leo amach, thámig an chuid eile de chlann-mhac Iacoib ar an ár; agus rinne creach ar an chathair i ndíoghaltas fa'n choir. 28Agus thógadar leo a gcuid caora, agus a dtréada, agus a gcuid asal, agus scriosadar gach a raibh ins na toighthe agus na páirceanna aca. 29Agus ghabhadar a gcuid páisdí agus na mná-chéile aca, in a mbráighideanna.
30Agus nuair a bhí an creach sin gan truaigh deant aca, arsa Iacob le Símeon agus Levi: “Chuir sibh i gcruadh-chás mé, ná, tharraing sibh fuath na gCanaánach agus na bhPherezíteach—muintir na dúithche seo—orm. Níl mórán againne ann, tiocfaidh siad-san le chéile agus marbhóchaidh siad mé, agus scriosfar mé fhéin agus mo theaglach.” 31D'fhreafair siad: “Ar cheart dóbhtha stríopach a dheanamh d'ár ndeirbhshiuir?”
Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:
Geinis 34: ABNPOD
Ìsàmì-sí
Pín
Daako
Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀
Peadar Ó Dubhda 1943.

: