YouVersion Logo
تلاش

Na Sailm 97

97
Salm 97.
Dominus regnavit.
1Is é an Tiarna is Rí, cuireadh sin lúcháir ar an talamh: cuireadh sé go deimhin lúcháir ar na hoileáin dá méid.
2Bíonn néalta agus dorchadas ina thimpeall: is ar an bhfíréantacht agus ar an gceart a shuítear a chathaoir.
3Beidh tine ag imeacht roimhe: agus ag loscadh a naimhde ar gach taobh.
4Dhealraigh a shoilse ar fuaid an tsaoil: chonaic an domhan é, agus bhí eagla air.
5Bhí na cnoic ag leá mar chéir i láithreacht Dé: i láithreacht Tiarna an domhain uile.
6Tá a fhíréantacht foilsithe ag na neamha: agus tá a ghlóir feicthe ag na daoine go léir.
7Spréadh ar lucht adhartha na n‑íomhánna greanta uile, an dream a chuireas dúil i ndéithe díomhaoine: adhraigí é, a dhéithe uile.
8Chuala Síón faoi, agus bhí áthas uirthi, agus bhí lúcháir ar iníonacha lúda: de bhrí do bhreithiúnas, a Thiarna.
9Óir is tú, a Thiarna, is airde ná a bhfuil ar an talamh: is airde i bhfad tú ná na déithe go léir.
10A lucht gráite Dé, ná teipeadh fuath a bheith agaibh don olc: cumhdaíonn an Tiarna anamacha a naomh; fuasclóidh sé as láimh lucht an oilc iad.
11Nocht solas le haghaidh na bhfíréan: agus lúcháir lán‑áthasach do dhrong an chroí fhír.
12Go mba é an Tiarna bhur n‑ábhar áthais, a fhíréana: agus tugaigí buíochas lena naofacht a chur i gcuimhne.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 97: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔