Na Sailm 96

96
Salm 96.
Cantate Domino.
1Canaigí don Tiarna amhrán úrnua: canaigí don Tiarna, a dhomhain uile.
2Canaigí don Tiarna, agus molaigí a Ainm: bígí ag insint a shlánaithe ó lá go lá.
3Nochtaigí a onóir do na págánaigh: agus a iontais do na daoine go léir.
4Óir tá an Tiarna chomh mór sin nach féidir a mholadh mar is cóir: is mó ineaglaithe é ná a bhfuil de dhéithe ann.
5Níl i ndéithe uile na bpágánach ach lámhdhéithe: ach is é an Tiarna a rinne na neamha.
6Bíonn an ghlóir agus an gradam os a choinne: bíonn an chumhacht agus an onóir ina shanctóir.
7Luaigí leis an Tiarna, a aicmí na ndaoine: luaigí leis an Tiarna gradam agus cumhacht.
8Tugaigí don Tiarna an onóir is dual dá Ainm: tugaigí tabhartais libh agus tagaigí isteach ina chúirteanna.
9Adhraigí an Tiarna go hálainn naofa: bíodh a uamhan ar an domhan uile.
10Insígí i measc na bpágánach gurb é an Tiarna is Rí ann: agus gurb é a dhaingnigh an chruinne go nach féidir a corraí; agus conas a thabharfaidh sé breithiúnas fíréanta ar na daoine.
11Bíodh lúcháir ar na neamha, agus áthas ar an talamh: tógadh an mhuir agus a bhfuil inti gáir.
12Bíodh lúcháir ar an machaire agus a bhfuil air: beidh átas ar chrainn uile na coille roimh an Tiarna.
13Óir tá sé ag teacht, ag teacht le breithiúnas a thabhairt ar an talamh: le breithiúnas fíréanta a thabhairt ar an domhan, agus breithiúnas fírinneach a thabhairt ar na daoine.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 96: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔