YouVersion Logo
تلاش

Na Sailm 85

85
Salm 85.
Benedixisti, Domine.
1A Thiarna, is maith a bhí tú do do thír: thug tú braighdean aigh Iácóib abhaile.
2Mhaith tú coir do mhuintire: agus dʼfholaigh tú a bpeacaí go léir.
3Lig tú uait do dhíbheirg uile: agus chuir tú suas ded fhearg fhíochmhar.
4Iompaigh sinn máisea, a Dhia ár slánaitheoir: agus stad den fhearg atá ort linn.
5An go deo a bheidh tú míshásta linn: nó an gcothóidh tú dʼfhearg ó ghlúin go chéile?
6An é nárbh áil leat iompú arís agus sinne a bheoú: ionas go mbeifeá mar ábhar áthais ag do mhuintir?
7Taispeáin dúinn do thrócai re, a Thiarna: agus bronn do shlánú orainn.
8Éistfidh mé lena ndéarfaidh an Tiarna Dia i mo thaobhsa: óir labhróidh sé síocháin lena mhuintir, agus lena naoimh, ionas nach dté siad leis an amaid í arís.
9Óir bíonn a shlánú in aice an dreama darb eagal é: ionas go bhfana an ghlóir inár dtír.
10Tá coinne déanta ag an trócaire agus ag an bhfírinne: phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile.
11Fásfaidh an fhírinne aníos as an talamh: agus dʼfhéach an fhíréantacht anuas ó neamh.
12Is deimhin go dtaispeánfaidh an Tiarna carthanacht ghrámhar: agus go dtabharfaidh ár dtalamh uaidh a thoradh.
13Siúlfaidh an fhíréantacht roimhe: agus déanfaidh sé eolas dó sa tslí.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 85: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔