Na Sailm 84
84
Salm 84.
Quam dilecta!
1Cad é aoibhneas dʼáras: a Thiar na na slua.
2Is í mian agus mórthnúth mʼanama dul isteach i gcúirteanna an Tiarna: is é an Dia beo is cúis áthais mo chroí agus mo cholainne.
3Is deimhin go bhfuair an gealbhan teach, agus go bhfuair an fháinleog an nead ina gcuire sí a hál: cá háit ach dʼaltóra, a Thiarna na slua, mo Rí agus mo Dhia.
4Is beannaithe iad lucht áiti the do thí: beidh siad go deo do do mholadh.
5Is beannaithe an té gur tú a chumhacht: a mbíonn do shlite ina chroí.
6A mbíonn gleann an bhuartha acu mar thobar fuaráin nuair a shiúlas siad tríd: agus gan lag ann nach bhfuil lán dʼfhíoruisce.
7Dá láidreacht iad is láidre a bheidh siad: agus níl duine orthu nach mbeidh le feiceáil i láthair Dé na ndéi the i Síón.
8A Thiarna Dia na slua, éist le mo ghuí: tabhair cluas, a Dhia Iácóib.
9Féach, a Dhia is dídean dúinn: féach ar aghaidh an Té a dʼung tú.
10Is fearr aon lá amháin faoi do chúirteanna: ná míle lá in áit nach iad.
11Bʼfhearr liom bheith i mo dhoirseoir i dteach mo Dhé: ná bheith i mo chónaí i bpailliúin an oilc.
12Óir is solas agus is crann cosanta an Tiarna Dia: beidh an Tiarna ag bronnadh grásta agus glóire, agus ní choinneoidh sé aon dea‑rud siar ón dream chaitheas a mbeatha go cráifeach.
13A Thiarna Dia na slua: is beannaithe an té a chuireas a dhóchas ionat.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 84: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965