Na Sailm 77
77
Salm 77.
Voce mea ad Dominum.
1Glaofaidh mé ar Dhia os ard: is ar Dhia féin ghlaofas mé os ard, agus tabharfaidh sé cluas dom.
2Is in am mo bhuartha a dʼiarr mé an Tiarna: shín mé mo lámha chuige gan stad i rith na hoíche; dhiúltaigh mʼanam don sólás.
3Nuair a bhíonn ualach trom tuirse orm, is ar Dhia a smaoineoidh mé: nuair a bhíonn mo chroí cráite, déanfaidh mé mo ghearán leis.
4Cuireann tú mo shúile ó chodladh na hoíche: ní ligeann mo laige dom labhairt.
5Smaoinigh mé ar na laethanta fad ó: agus ar na blianta a chuaigh thart.
6Bím ag cuimhneamh ar mʼamhrán: agus san oíche bím ag meabhrú le mo chroí, agus ag machnamh go domhain i mo sprid.
7An bhfanfaidh an Tiarna go deo as láthair: nó an é nach nglacfaidh sé a thuilleadh le hiarratas?
8Ar trádh go deo a thrócaire: nó ar cuireadh críoch go brách lena ghealltanas?
9An ndearna Dia dearmad ar a mhaitheas: nó an gcuirfidh sé suas dá charthanacht ghrámhar agus díbheirg air?
10Agus dúirt mé, Is í mo laige féin í: ach cuimhneoidh mé ar bhlianta deasláimhe an Té is Airde.
11Cuimhneoidh mé ar oibreacha an Tiarna: féachfaidh mé siar ar na hiontais a rinne tú sa sean‑am.
12Beidh mé ag smaoineamh ar dʼoibrea cha uile: agus beidh do ghníomhartha mar ábhar cainte agam.
13Is naofa do shlí, a Thiarna: cá bhfuil an Dia atá chomh mór lenár nDia‑na?
14Is tú an Dia a dhéanas na hiontais: agus is tú a thaispeán do chumhacht i measc na gciníocha.
15Is cumhachtach a dʼfhuascail tú do phobal: clann Iácóib agus Iósaif.
16Chonaic na huiscí thú, a Dhia, chonaic na huiscí thú, agus ghlacadar eagla: agus corraíodh fós na doimhneachta.
17Bhí na néalta ag doirteadh uisce, agus bhí an t‑aer lán toirní: agus bhí do shaigheada á scaoileadh as gach taobh.
18Chualathas glór do thoirní thart timpeall: bhí na splancacha ag dealrú ar an talamh; corraíodh agus craitheadh an talamh.
19Bhí do shlí sa bhfarraige, agus do chosáin sna huiscí móra: agus níor aithníodh lorg do chos.
20Sheol tú do phobal mar chaoirigh: le láimh Maoise agus Áróin.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 77: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965