Na Sailm 70
70
Salm 70.
Deus in adjutorium.
1Deifrigh, a Dhia, dom fhuascailt: déan deifir agus cuidigh liom, a Thiarna.
2Bíodh náire agus díomua ar an dream atá ag iarraidh mʼanma: cuirtear ar gcúi agus cuirtear ceann faoi ar an dream a mbíonn olc acu dom.
3Go mba é a náiriú in am ghairid a luaíocht: don dream a bhíos ag glaoch, Seo, seo, liom.
4Ach bí tusa mar ábhar áthais agus mar chúis lúcháire ag an dream a bhíos dod iarraidh: agus bíodh an lucht gurab aoibhinn leo do shlánú á rá i gcónaí, Moladh leis an Tiarna.
5Ach táimse i mbochtanas agus i mbrón: déan deifir agus tar chugam, a Dhia.
6Is tú mo chúntóir agus mʼfhuascailteoir: a Thiarna, nárbh fhada uaim do theacht.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 70: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965