YouVersion Logo
تلاش

Na Sailm 69

69
Salm 69.
Salvum me fac.
1Fóir orm, a Dhia: óir tháinig an t‑uisce isteach orm, go dtí an t‑anam féin.
2Táim i ngreim an lábáin dhomhain, atá gan ghrinneall faoi: tháinig mé amach i ndoimhneacht an uisce, ionas go dtagann na tonnta báite i mo mhullach.
3Táim tuirseach ag glaoch, tá mo sceadamán tirim: tá mʼamharc ag meath lena fhaideacht agus dʼfhan mé ar Dhia.
4Ní lia ribí mo chinn ná an dream a thug fuath dom gan ábhar: is mór cumas an lucht atá ina naimhde dom, ar mhian leo mo scriosadh, cé nach bhfuilim ciontach.
5Dʼíoc mé iad as nithe nár ghlac mé riamh: is feasach duit, a Dhia, mo shimplíocht, agus níl mo lochta ceilte ort.
6Ná lig go gcuirfeadh mo chás‑sa náire ar an dream a chuireas a ndóchas ionat, a Thiarna Dia na slua: ná lig gur tríomsa a thiocfadh díomua ar an lucht a théann do dʼiarraidh, a Thiarna Dia Iosrael.
7Agus cad chuige? De bhrí go bhfuair mé achasán ar do shon: agus go raibh mo ghnúis ar fad dearg le náire.
8Bím mar eachtrannach le mo bhráithre: agus mar choimhthíoch ag clann mo mháthar.
9Óir is mé a bhí lán dúthrachta ar son do thí: agus na nachasáin a chaith lucht do cháinte leat, is ormsa a thiteadar.
10Chuaigh mé ag caoineadh, agus dom ísliú féin le troscadh: agus bhíothas do mo cháineadh ar a shon.
11Chuir mé orm saic‑éadach fós: agus chuadar ag magadh fúm.
12Bíonn an dream a shuíos sa gheata do mo cháineadh: agus bíonn lucht an ólacháin dom aoradh.
13Ach, a Thiarna, is chugat a dhéanaim mʼurnaí: san am a bhfaighim dea‑uain chuige.
14Éist liom, a Dhia, i méid do thrócaire: agus i bhfírinne do shlánaithe.
15Tóg mé as an lábán, ar eagla mo bháite: fuasclaítear mé ó lucht mʼfhuatha, agus ó uiscí domhaine.
16Ná bádh an tuile uisce mé, agus ná slogadh an t‑aigéan mé: agus ná druideadh an poll a chraos orm.
17Éist liom, a Thiarna, ó bíonn do charthanacht ghrámhar mar shólás agam: iompaigh chugam de réir méid do thrócaire.
18Agus ná ceil do ghnúis ar do sheirbhíseach, ó táim faoi bhuaireamh: ach déan deifir, agus éist liom.
19Druid lem anam agus slánaigh í: bí dom fhuascailt, de bharr mo naimhde.
20Dʼaithin tú conas a fuair mé aithis agus náire agus easonóir: bíonn mʼeascairde uile faoi do shúil.
21Tá mo chroí briste ag an gcáineadh; táim lán de thuirse: bhí súil agam leis an té a dhéanfadh trócaire orm, ach ní raibh a leithéid ann, agus ní bhfuair mé na daoine a thabharfadh sólás dom.
22Thugadar domlas dom le hithe: agus nuair a bhí an tart orm, thugadar fínéagra le hól dom.
23Bíodh a gclár ina dhol chun a gceaptha agus go mba chúis titime dóibh na nithe a bheadh lena leas.
24Dalltar a súile, chun nach bhfeice siad: agus crom a ndroma go deo.
25Lig amach do racht orthu: agus beireadh teas do dhíbheirge orthu.
26Bíodh a gcónaí folamh: ná raibh duine ann le maireachtáil ina bpubaill.
27Óir bíonn siad ag cur géarleanúna ar an té ar bhuail tú é: agus ag cur síos ar conas a chuirfidh siad buaireamh ar an té ar ghoin tú é.
28Titeadh siad ó urchóid go chéile: agus ná tagadh siad chun dʼfhíréantachta.
29Scriostar a n‑ainmneacha as leabhar na mbeo: agus ná scríobhtar iad i measc na bhfíréan.
30Ach nuair a bhímse i mbochtanas agus i mbrón: beidh do chúnamh, a Dhia, do mo thógáil.
31Molfaidh mé ainm Dé le hamhrán: agus móróidh mé é le breith buíochais.
32Is mó a thaitneoidh sin leis an Tiarna: ná bullán faoina adharca agus a chrúba.
33Tabharfaidh an drong umhal sin dá n‑aire, agus beidh áthas orthu: iarraigí an Tiarna, agus mairfidh bhur n‑anam.
34Óir éisteann an Tiarna, leis na bochta: agus ní bhíonn dímheas aige ar a phríosúnaigh.
35Bíodh neamh agus talamh á mholadh: an fharraige agus a ngluaiseann inti.
36Óir saorfaidh Dia Síón, agus tógfaidh sé cathracha Iúda: ionas go mbeidh daoine ag maireachtáil iontu á sealbhú.
37Titfidh a oidhreacht ar chlann a sheirbhíseach: agus beidh an dream a mbíonn grá acu dá Ainm ina gcónaí ann.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 69: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in

YouVersion آپ کے تجربے کو ذاتی بنانے کے لیے کوکیز کا استعمال کرتا ہے۔ ہماری ویب سائٹ کا استعمال کرتے ہوئے، آپ ہماری کوکیز کے استعمال کو قبول کرتے ہیں جیسا کہ ہماری رازداری کی پالیسیمیں بیان کیا گیا ہے۔